An londubh ’s an Chéirseach

Tá an londubh ’s an chéirseach is an fhuiseoigín le chéile
Is an smóilín binn bréagach ina ndiaidh ins gach ard.
An chuach i measc an mhéid sin ag seinm dánta is dréachta
Do chúl trom tais na bpéarla is dóm chéad míle grá.

Dá mbeinnse im’ smóilín do leanfainn tríd an móin í
Mar is ise bláth na hóige do thógfadh suas mo chroí.
Ó do bheinnse ’seinm ceoil di ó mhaidin go tráthnóna
Le ceileabhar binn dá cealagadh is le mórdháil dá gnaoi.

Is trua gan mé is mo shiuirín is barr mo láimhe dlúth léi
Go seinnfinn di go súgach ar chiúilchruit go sámh.
A laoi nárbh aoibhinn domhsa dá bhfaighinnse cead ’bheith ag siúl léi
Is a rún mo chroí bí ag súil liom le h-éirí don lá.

Feic Ní Annagáin, M. & de Clanndiolúin, S. Londubh an Chairn, Oxford University Press, Londain; 1927

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.