Eochaill

Maidin Domhna’, is mé ag dul go hEochaill,
Do chasadh an óigbhean orm sa tslí.
Bhí scáil ’na leacain ar dath na rósaí,
’S ba bhinne a glór ná na ceolta sí.
Leagas mo lámh thar a bráid le mórtas
Agus dh’iarr mé póigín ar stór mo chroí;
Is é dúirt sí “Stad is ná strac mo chlóca
Gan fhios do ghnó-sa ag bean do thí.”

“Seo mo lámh duit ná fuilim pósta
’S gur buachaill óg mé thug gean do mhnaoí;
’S dá dtriallfá liomsa thar nais go hEochaill
Go bhfaighfaí ómos mar a gheobhadh bean rí.
Chuirfinn high-caul cap i gceart ’s i gcóir ort,
Gúna, clóca ’gus caipisín
Beidh siopa dram agat de’n bhfíon is den bheoraigh
’S do leanbh dóigheamhail ag tarraingt dí.”

“Níl ann ach uair bheag ó dh’fhágas Eochaill,
’S ní ligfeadh an brón dom filleadh arís
Do bheadh mo mhuintir i bhfeirg mhór liom;
’S ní bhfaighinnse fóirthint ó mo cháirde gaoil.
Leath a n-abair siad, ní dhéanfainn a chomhairle
Ach ag bualadh an bhóthair de ló ’s d’oí’;
Is cailín scaithte mé ’tá ag siúl na bóithre
Ag iarraidh an eolais ’dtí Ceapach Chuinn.”

Clois, chomh maith, Tóibín, N. Rinn na nGael Cló Iar Chonnachta; 1999

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: