Is buachaillín fíoróg mé, go bhfóire orm Rí na ngrás
Thug searc do chailín óg i dtigh an ósta le comhrá gearr
Ní raibh hata uirthi ná húda ná búclaí buí déanta práis
Ach téip i gcluais a bróigín, ‘sí mo stóirín í go bhfaighe mé bás.
Móra dhuitse, a éinín, ag léimrigh ó chrann go crann,
Dá neosfainn brí mo scéil duit ní féidir go ndéanfá rún
Beir litir uaim fé shéala go cúl craobhach na bhfáinní bhfionn
Go bhfuil mo chroí dá chéasadh is nach féidir liom codladh ciúin.
Tá gaoth aneas is tóirneach is mórshruth le habhainn na Laoi
Sneachta ar na bóithre is mórshioc á mheascadh tríd
Ní áirím fuaim ag rónta ná ceol binn ag éin ar chraoibh
Ó chailleasa mo stóirín, ‘sí a thógfadh an ceo dem chroí.
Ní dod’ ghoirtín eornan, a stóirín, a thugas grá
Ná dod’ chúpla cóifrín den ór buí dá mbeidís lán
Do chapaill ná do bhólacht go deo deo ní chuirfinn i bhfáth
Ach blas do chúpla póigín, ba dhóigh liom gurbh iad ab fhearr.