Chuaigh an Dá Sheán

Chuaigh an dá Sheán is mo Sheánsa dtí’n aonach
D’adhnadar an sparainn is ba dheacair iad do réiteach.
Bhriseadar a gcinn agus plaoisc a chéile
Is gurb’ í bean an tábhairne do chosain mo phlaitín féineach.

Curfá:
Is faigheam arís an crúiscín is bíodh sé lán
Faigheamh arís an crúiscín,
Sláinte geal mo mhúirnín
Is cuma liom do chúilín dubh nó bán.

Do chuireas-sa mo bheansa dtí Caiseal ag díol úlla
An dá dhiabhal leathphingin níor thug sé abhaile chughamsa
Nach mise an trua Mhuire ag siúl na dúiche
Ag lorg an tseansciobaire is an baile róchúng di.

Nár gheibhimse bás agus nár fhága mé an saol seo
Go bhfeice mé na Sasanaigh ag stealladh na déirce
Rámhainní ar a nguallaí is iad ag tuilleamh na réaltaí
Seanabhróga briste orthu mar atá ar Chlanna Gael seo.

Nuair a gheobhadsa bás, fágfadsa im uacht mé
Do chur i dtig an tábhairne nó ag doras tí na cuaiche
Mara n-aireod na cáranna is na cnagairí á mbualadh
Is gur binne liom a gceol súd ná ceol binn na cuaiche.

Fágaimse mo bheannachtsa ag muintir an tí seo,
De réir mar atá siad, óg agus críonna,
Mar ná beinnse cortha den gcuideachta choíche
Go bhfása an cuileann tré bharr an tseantí seo.

Féach: http://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/aodan-o-ceallaigh/chuaigh-an-da-shean-sean-nos/

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: