Tá mo chroí-se go tláth lag 's i lár mo chuid saothair Tagann lán tocht im chléibhse cé nár mhéin liom é rá Tá an díbirt i ndán dom ó bháin bheannaibh Éireann Is fánach mo shaolsa 's is déarach mo chás Is cuimhin liom an tráth úd a ghrá ghil na n-ae istigh Thugas grá searc is géilleadh dod chaomh roisc thar chách A Rí ghil na n-árann dob fhearr liom go n-éagfainn I láthair mo ghaolta is mo bhuachaillín bán.
Tá críoch Inis Failbhe go lánfhad' i ndaor bhroid Go cráite 's céasta i ngéibhinn na namhad Nó an fíor nach foláir duit go brách bheith go déarach A oileáinín bhig mhaorga na naomh is na mbard Ó guímse go h-ard ar an Ard Athair Naofa Chun ár agus léir-scrios do dheanamh ar Sheán Do dhíbir na táinte thar sáile 'na gcéadta 'S chuir fán orm féinig óm' bhuachaillín bán.