Sliabh Geal gCua

A Shliabh geal gCua na féile, is fada uait i gcéin mé,
I m' shuí cois cuain i m'aonar go tréithlag fé bhrón;
An tuile bhuí ar thaobh díom idir mé agus tír mo chléibhe,
Is a Shliabh geal gCua na féile, nach géar é mo sceol.
Dá mbeinnse i measc mo ghaolta i Sceithín ghlas na séimhfhear
Nuair a scaipeann teas na gréine ann ón spéir ghil gan smál,
Nó dá mbeinnse ansúd fé realtan nuair a thiteann drúcht ar fhéar ann
Ó, a Shliabh geal gCua, nár dhéirc san, dá mb'fhéidir é a fháil.

'S é mo léan ná fuaireas  tógaint le léinn is mórchuid eolais,
I nGaeilge uasal cheolmhar ba sheolta mo bhéal,
Do threabhfainn cuairt thar sáile is do bhéarfainn bua  thar barr chughat,
Mar, a Shliabh geal gCua, ba bhreá liom thú a ardach i réim.
Mo ghrása thall na Déise idir bhánta, ghleannta is sléibhte,
Ó shnámhas anonn thar tréanmhuir táim tréithlag gan bhrí;
Ach ó b'áil le Dia mé a ghlaoch as, mo shlánsa siar go hÉirinn,
Agus slán le Sliabh na féile le saorghean óm' chroí     

Taifeadtaí

  • Amhráin Aneas – Nioclás Tóibín
  • Amhráin ó Shliabh gCua – Labhrás Ó Cadhla

Pádraig Ó Miléadha a chum

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: