Tráthnóinín déanach is mé gan mhairgAg seoladh na ngamhna fén bhfásachDo dhearcas chugamsa an spéirbhean mhaisiúilChiúin thais bhanúil náireach.D’fhiasraíos féin go séimh dhen ainnirAn aon ní thar lear a tháinigAg seoladh na ngamhna ‘sea dh’fhágas an baileAch ceann ní bhfaighead go lá dhíobh. Ag lorg na ngamhna ‘sea chuireasa mo leanbh’S níor tháinig sí anonn i dtráth chugamMar bhí traonaire roimpi ag pointeAn chuid eile de “Seoladh na nGamhna”
Tag Archives: Seán Mac Craith
Róisín Dubh
A Róisín, ná bíodh brón ort ná cás anois.Tá do phardún ón bPápa is ón Róimh agat.Tá na bráithre ag teacht thar sáile is ag triall thar muir,Is ní cheilfear fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh. Tá grá agam i mo lár duit le bliain anois,Grá cráite, grá cásmhar, grá ciapaithe,Grá a d’fhág mé gan sláinte,An chuid eile de “Róisín Dubh”
An Carabhat
Is fada ‘tá fuaim ag gluaiseacht eadrainn,Ag tuar chun sparainne i gClár Uí Néill;Ó bhailtí na tuatha go bruach na farraige,Uabhar agus eagal agus ár ar Ghaedhil.Tá siosma ró mhór ins an gcuan seo in aice linn,An Eaglais buartha ar uair an Aifrinn,Ag sileadh na súl ag tabhairt cómhairle bhúr leasa dhíbh,Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal. A bhuachaillí croí ná bigí i bhfeirg liom,Is díbh-se spreagaim mo ráite béil;Tagann osna im chroí nuair a chím ná leanann sibhDlíghe na hEaglaise ‘s áilne méinn,Ach ag imeacht le baois ag déanamh aimhlis bhúr n-anamaMar a bheadh daill gan radharc ar mearathal,Geallaim-se dhíbh go bhfuil bhúr naimhde ag magadh fúibh,Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal. ‘Sé teagasc na cléire a’s réir na hEaglaise,An tslí mar measaim-se b’fhearr chun Dé;‘S ní ag dul chun an aonaigh le faobhar go feargach,Tréan fé arm chun lámhach na bpiléar.Nach dealbh an scéal é dá léigheadh ag GallachoinGurbh iad Clanna Gaedheal ‘tá ag déanamh an achrainn,Ag fealladh ar a chéile fé ghné gach seanacheirtBheist agus Carabhat bán do thréig.