A' bhfeaca tu an t-iontas do chonnac-sa Luan Cásca:
Madra rua a'fiadhach agus dialait ón Spáinn air;
Poc-fiadh ar a mhuin thiar is é seinim ar chláirsigh
Damhain-alla is cóir aige is é a' tógaint caisleán dóibh.
A' bhfeaca tú an t-iontas do chonnac-sa an lá úd:
Cnoc Mhaol-Domhnaigh istigh ar bórd árthaigh
Baile na Sagart á tharraingt thar sáile;
Táilliúir i mbéal muice is é scuabadh na sráide.
A' bhfeaca tú an t-iontas do chonnac-sa i mBun Bóthair:
Eascú agus píob aice agus í fada córach;
Londubh is claidheamh aige, is é ag coimheascar le smólach
Ag Garraí na gCaorach lá gréine ag baint móna.
Do bhíos Aoine an Chéasta ag díol sméara i gCill Choinnigh,
Cé chasfaí orm ann ach an Gearrán Bán 's é ar buile;
Madraí na sráide 'a rá leis cur chuige,
Agus fiach dubh taobh thiar do go gliadrach á phriocadh.
An t-é chífeadh an t-iontas a chonnac-sa an lá úd,
Eilit a' ceangal agus eilit a' cáthadh,
Dhá eilit déag ag déanamh dóibh stáca,
Dreoilín agus píce aige 's é caitheamh chutha anairde.
An bhfeaca tú an t-iontas a chonnac-sa an lá úd:
Trí chinn de ghéanna ag baint féir ar an mbuile
Tiarna na nDéise a' gabháil éis ar a' luice
'S Aird Mhór cé gur mór é ag dul suas chun na Cuilche.
Chonacaíos an fharraige curtha fé shíolta
Agus sléibhte dubha Alba ag imeacht ar fuaid tíre.
Tuar na Bó Báinne ag cogaint na círe,
Eochaill ar cóiste 's Cúig' Uladh ag giollaíocht di.