Aréir agus mé machnamh ar mhaoilinn a’ leasaCé chífinn chugham ag tarraingt ach an tsíbhruinneal óg,A raibh a bratchumha léi go talamh, a géaga léi ar leathadh,Is a cuacha buí gan casadh ’titim léi go feoir.D’fhiosruigheas féineach den ainnir cé’r díobh í nó a hainm:“An tú síbhean na Craige, ríon Airt* nó Móir?Nó’n tú AnnaAn chuid eile de “Caoine Philib Shéimh Uí Fhathaigh”
Tag Archives: Labhrás Ó Cadhla
An Fhaoileann
‘Sí an fhaoileann an bhean bhreá ’na dtug mo chroí dhi grá, Mar is gile í ná barr a’ drúchta, Pé mar atháim dá n-abróinn a bháb, Cár mhiste liomsa trácht mar siúd ort, Pé mar atháim dá n-abróinn a bháb, Cár mhiste liomsa trácht mar siúd ort, Do chois, do chom, do lámha, doAn chuid eile de “An Fhaoileann”
Cití na gCumann
Is do thánas an baile seo ‘réir Is do bhí sé ‘gam déanach go leor ‘S mé ar intinn an margadh a dhéanamh ‘S ná scarfainn léi féin go deo Níor tháinig a Daidí chun réitigh Cár mhiste dom é na dhóibh? Beirim slán agus beannacht as mo ghaolta ‘S ní chasfaidh mé fhéin goAn chuid eile de “Cití na gCumann”
Rinn na nGael
Tá gaoth an tuaiscirt ag séideadh aduaidh chughainn Is Phoebus uasal go hard san spéir; Tá an saol go huaibhreach is Gaeil ag gluaiseacht, Na céadta ar tuairisc na trá go tréan. Tá an bhliain ‘s a saothar im’ dhéidhse fhéineach ‘S a rian go léircheart ar m-aghaidh gan bhréag. Beidh mo thriall go héascaAn chuid eile de “Rinn na nGael”
Ceárta Mhicil de hÓra
I gceártain Mhicil is gnáthach mise Go bearrtha cimilte gléasta, An oíche ag titim, mo phíp ar inneall ’S mé im shuí cois boilg ag séideadh. Bíonn caortha dearga tréana ag preabadh ’Na dtréadaí mallaithe dóite, Agus sárfhear imeartha ag tiomáint le fuinneamh I gceártain Mhicil de hÓra. Níl fál ar barrchrith, báire ar fhaiche,An chuid eile de “Ceárta Mhicil de hÓra”
Sliabh na mBan
Ní airím véarsa ó lon ná ó chéirseach Is ní fhásann féar ins na gaortha ceart; Mar nach bhfuil suim ag an spéirbhean i spórt ná i bpléisiúir Ach í ag gol is ag béiceadh is ag réabadh bas. Á rá liom faoiseamh, ní bhfaighidh na sárfhir Aon oíche in Éirinn ná uain chun reast,An chuid eile de “Sliabh na mBan”
Ar mo Ghabháilt Dom
Ar mo ghabháilt dom tríd an mbaile beag darb’ ainm dó siúd Éire, Preabann agus léimeann an osna so im’ chroí Nuair a chuimhním ar an aimsir go mbínnse féin agus mo chéad searc Ar imeall coille craobhaí go socair ‘nár suí. Bhí dóthain don Diúic ann do phrionsa nó dá chéile ‘S gach níAn chuid eile de “Ar mo Ghabháilt Dom”
Sliabh Geal gCua
A Shliabh geal gCua na féile, is fada uait i gcéin mé, I m’ shuí cois cuain i m’aonar go tréithlag fé bhrón; An tuile bhuí ar thaobh díom idir mé agus tír mo chléibhe, Is a Shliabh geal gCua na féile, nach géar é mo sceol. Dá mbeinnse i measc mo ghaolta i SceithínAn chuid eile de “Sliabh Geal gCua”
Seoladh na nGamhna
Tráthnóinín déanach is mé gan mhairgAg seoladh na ngamhna fén bhfásachDo dhearcas chugamsa an spéirbhean mhaisiúilChiúin thais bhanúil náireach.D’fhiasraíos féin go séimh dhen ainnirAn aon ní thar lear a tháinigAg seoladh na ngamhna ‘sea dh’fhágas an baileAch ceann ní bhfaighead go lá dhíobh. Ag lorg na ngamhna ‘sea chuireasa mo leanbh’S níor tháinig sí anonn i dtráth chugamMar bhí traonaire roimpi ag pointeAn chuid eile de “Seoladh na nGamhna”
A Mhamaí Nach Tú an Cladhaire
Is a mhamaí nach tú an cladhaire Nár dh’insigh do mo dheadaí i dtráth Go rabhsa tuirseach tinn lag Is mé millte le darta grá. Go mbím san oíche ag taibhreamh Gur im’ mhaighdean rófhada táim, Is muna bhfaighfear fear gan mhoill dom Is baolach go raghad am’ bhá. A Nóra, bíse foighneach MarAn chuid eile de “A Mhamaí Nach Tú an Cladhaire”