I dtosach mo shaoil, nuair a dh'fhágas an baile Chasadh orm cailín beag óg ins an tslí; Bhí sí chomh haerach gur thugas-sa gean di siúd Is thá sí mar mhairg ró-mhór ar mo chroí. Níl agam tréada ar mhaoil ná ar bheanna-chnoic, Capall ná caoire ná teaghlach fé dhíon. Cuir umat nua-éadach is éalaigh chun bealaigh liom Slán agus beannacht le buaireamh an tsaoil.
Gluaiseam le chéile ar éileamh ti' 'n tábhairne, 's beimid a' ragairne, a ghrá geal mo chroí Le héirí na gréine, glaofam an sagart chughainn 's beimidne ceangailte i gan fhios don saol. Beimid ag ól fad a sheasóidh an t-airgead Cuirim chun bóthair, a ghrá ghil mo chroí. Nuair a dhíolaim an t-ór is leor san do bhean a' tí, Slán agus beannacht le buaireamh an tsaoil.