Ceann Heilbhic go hArd

I ndúthaigh na nDéise tá an áit is fearr tréithe,
Is áile ‘gus is péacaí ón mbun ‘dtí an barr
Tá daoine breá’ séimh ann ‘tá fial agus béasach
Ina gcónaí gan baol ar Cheann Heilbhic go hard
Bíonn nead ag na héin ann fé aiteann agus fraochán
Agus taitneamh na gréine ar fhaill is ar thráigh
Pulóg is maicréal ins an bhfarrige taobh leis
Coinín is giorré ar Cheann Heilbhic go hard
 
Is chonaic sé na buíochta, na Lochlannaigh fiana
Is chonaic sé na Fíníní a sheol chugainn thar sáil’
Is an Claudia san oíche ‘na raic mhór na bliana
Á fiach is á cloí fé Cheann Heilbhic go hard
Is breá ‘gus is Gaelach, gan lúbadh gan staonadh
An dream a bhíonn ag saothrú is a gcuda ann gach lá
Níl áit ab fhearr in Éirinn a chaithfinn mo thréimhse
Ach ar thaobh geal na gréine ar Cheann Heilbhic go hard

Dóirín Mhic Mhurchudha do chum

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: