Ní airím véarsa ó lon ná ó chéirseach Is ní fhásann féar ins na gaortha ceart; Mar nach bhfuil suim ag an spéirbhean i spórt ná i bpléisiúir Ach í ag gol is ag béiceadh is ag réabadh bas. Á rá liom faoiseamh, ní bhfaighidh na sárfhir Aon oíche in Éirinn ná uain chun reast, Ag an trúp so meirligh is iad ag teacht lena chéile, Is go mbuafaí caoch orainn ar Shliabh na mBan. Is oth liom féinig bualadh an lae úd Do dhul ar Ghaeil bhocht is na céadta 'slad Mar atá na meirligh ag déanamh géim dínn Is a rá nach aon ní leo píc ná sleá. Níor tháinig ár Major i dtús an lae chugainn Is ní rabhamar féinig i gcóir ná i gceart Ach mar a sheolfaí gan aoire tréad bó 'dtí an aonach Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan. Mo léan léir ar an dream gan éifeacht Nár fhan le héirim istoíche is stad Go mbeadh dúthaigh Déise is fearann Paorach Ag triall lena chéile ón tír aneas. Go mbeadh ár gcampaí déanta le fórsaí tréana Go mbeadh cúnamh Dé linn is Éire ar fad Is ní dhíolfadh meirleach de mhuintir Néill sinn Is bhuafaí an réim linn ar Shliabh na mBan. Is é Ros do bhreoigh is do chloígh go deo sinn, Mar ar fágadh mórchuid dínn sínte lag. Leanaí óga 'na smúrabháin dóite Is an méid a fhan beo dhíobh cois claí nó scairt. Ach geallaim fós dhaoibh, an té dhein na foghla, Go mbeamna i gcóir dó le píc is le sleá; Is go gcuirfeam yeomen ag crith 'na mbróga, Ag díol an chomhair leo ar Shliabh na mBan. Is mó fear aosta is crobhaire gléigeal Ó am go chéile do ghabhadh le seal A bhfuil cordaí caola ag baint lúth a ngéag díobh, I ndoinsiúin dhaora go doimhin faoi ghlas. Gardaí taobh leo ná leomhfadh sméid' orthu, Go ndéanfaí plé dhóibh i dtíortha thar lear; Á dtabhairt saor óna namhaid gan bhuíochas, In am an tsaothair ar Shliabh na mBan. Tá an Francach faobhrach is a loingeas gléasta, Le cranna géara acu ar muir le seal; 'Sé an síorscéal go bhfuil a dtriall ar Éirinn, Is go gcuirfid Gaeil bhocht arís 'na gceart. Dá mba dhóigh liom féineach go mb'fhíor an scéal úd, Bheadh mo chroí chomh éadrom le lon ar sceach. Mar go mbeadh cloí ar mheirligh, is an adharc á séideadh, Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan. Tá na cóbaigh mhóra ag iarraidh eolais, Tá an aimsir óg is an chabhair ag teacht; An Té mhill na gnótha is É a leigheasfaidh fós iad, Is ní dhíolfam feoirling leo, cíos ná sraith. Píosa coróineach, an chuid ba mhó dhe, Luach éiric bó nó teaghlaigh dheas, Beidh rince ar na bóithre agus soilse á ndó 'gainn, Beidh meidhir agus mórtas ar Shliabh na mBan. Feic Tóibín, N. Duanaire Déiseach, Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath; 1978
Taifeadtaí
- Amhráin Aneas – Nioclás Tóibín
- Amhráin ó Shliabh gCua – Labhrás Ó Cadhla
- An Tobar Séimh – Cárthach Mac Craith
http://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/irial-o-c/sliabh-na-mban-corn-ui-riada-2015/
Feic Tóibín, N. Duanaire Déiseach, Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath; 1978
Leagan eile ar http://www.seannosbeo.ie/?page_id=293
Féach ar http://www.seannosbeo.ie/?page_id=293