Ceann Heilbhic go hArd

I ndúthaigh na nDéise tá an áit is fearr tréithe,Is áile ‘gus is péacaí ón mbun ‘dtí an barrTá daoine breá’ séimh ann ‘tá fial agus béasachIna gcónaí gan baol ar Cheann Heilbhic go hardBíonn nead ag na héin ann fé aiteann agus fraochánAgus taitneamh na gréine ar fhaill is ar thráighPulóg is maicréal ins an bhfarrige taobh leisCoinín is giorré ar Cheann Heilbhic go hard Is chonaic sé na buíochta, na Lochlannaigh fianaIs chonaic sé na Fíníní a sheol chugainn thar sáil’Is an Claudia san oíche ‘na raic mhór na blianaÁ fiach is á cloí fé Cheann Heilbhic go hardIs breá ‘gus is Gaelach, gan lúbadh gan staonadhAn dream a bhíonn ag saothrú is a gcuda ann gach láNíl áit ab fhearr in Éirinn a chaithfinn mo thréimhseAch ar thaobh geal na gréine ar Cheann Heilbhic go hardDóirín Mhic Mhurchudha do chum