Na hIontaisí

A’ bhfeaca tu an t-iontas do chonnac-sa Luan Cásca:Madra rua a’fiadhach agus dialait ón Spáinn air;     Poc-fiadh ar a mhuin thiar is é seinim ar chláirsighDamhain-alla is cóir aige is é a’ tógaint caisleán dóibh. A’ bhfeaca tú an t-iontas do chonnac-sa an lá úd:Cnoc Mhaol-Domhnaigh istigh ar bórd árthaighBaile na Sagart á tharraingt thar sáile;Táilliúir iAn chuid eile de “Na hIontaisí”

Ceann Heilbhic go hArd

I ndúthaigh na nDéise tá an áit is fearr tréithe,Is áile ‘gus is péacaí ón mbun ‘dtí an barrTá daoine breá’ séimh ann ‘tá fial agus béasachIna gcónaí gan baol ar Cheann Heilbhic go hardBíonn nead ag na héin ann fé aiteann agus fraochánAgus taitneamh na gréine ar fhaill is ar thráighPulóg is maicréal ins an bhfarrige taobh leisCoinín is giorré ar Cheann Heilbhic go hard Is chonaic sé na buíochta, na Lochlannaigh fianaIs chonaic sé na Fíníní a sheol chugainn thar sáil’Is an Claudia san oíche ‘na raic mhór na blianaÁ fiach is á cloí fé Cheann Heilbhic go hardIs breá ‘gus is Gaelach, gan lúbadh gan staonadhAn dream a bhíonn ag saothrú is a gcuda ann gach láNíl áit ab fhearr in Éirinn a chaithfinn mo thréimhseAch ar thaobh geal na gréine ar Cheann Heilbhic go hardDóirín Mhic Mhurchudha do chum

Cois Mara Thoir sa Rinn

Do  chaitheas  mí  ‘s  ba bhreá liom í,Cois mara thoir sa Rinn;Is ann atá  na daoine breá,‘Gus ceol na néan go binn;‘Sí an Ghaoluinn ‘bhíonn dá labhairt go cruinnAg daoine abhus is thall,Ón sliabh dubh-ghlas thá siar ó dheas,Go Baile beag na nGall  Rinn Ó gCuan, tá ar thaobh an chuain,Le hais Dún Garbhán;Bíonn Gaoluinn bhreá ansan gach lá,‘S ní hé sa lá amháin;Bíonn rince is greann san oíche ann,‘Scéalta ó Mhicil fhéin,I gcaint glann chruinn go blasta binn,Is breá le macaibh léinn.  An áit go léir tá geal soiléir,‘S na radhairc go hálainn breá;Ach thá buaite ann ar radhairc an domhainAg an ngrian dul fé geal-lá;Taobh thiar den sliabh mar a chuaigh sí riamhIna leaba óir bhréa bhuí.‘Sea bhíonn gan scáil an radharc le fáil,Ag dul don ghrian ‘na luí.  Bíonn samhraidh buan ar thaobh an chuain,‘Gus fuacht ní bhíonn ‘sa ló;Chun tumtha snámh, nó luascadh cnáimh,Thá’n áit oiriúnach bhreá;Is ann nach baol duit gairid-shaol‘S an t-aer sláintiúil folláin;Áit fairsing buan ‘sea Rinn Ó gCuan;Le hais Dún Garbhán.