Aréir is mé téarnadh ar neoin Ar an taobh eile den teora seo thíos Do thaobhnaigh an spéirbhean im’ chomhair D’fhág taomanach breoite lag sinn Do ghéilleas dá méin is dá cló Dá béal tanaí beo-mhilis binn Do léimeas fé dhéin dul ‘na comhair ‘S ar Éirinn ní neosfainn cé hí Tá spéir-bhruinneall mhaorga dheasAn chuid eile de “Ar Éirinn Ní Neosfainn Cé hÍ”
Tag Archives: Cois Mara Thoir sa Rinn
Cois Abha Móire na nDéise
Nach ró-bhreá an dúthaigh a mbéarfainn liom thúGo Cois Abha Móire na nDéiseMar a mbíonn an smóilín is an lon go ceolmharIs fia na mbeann dhá thraochadhBíonn torthaí cumhra ar chrannaibh lúbthaIs bláth na n-úll ar ghéagaAn chuach gan amhras i dtúis an tSamhraidh’S an traghan ag labhairt insan bhféar glas.Ná pós aon smíste deAn chuid eile de “Cois Abha Móire na nDéise”
Eochaill
Maidin Domhnaigh is mé ag dul go hEochaill,Do chasadh an ógbean orm sa tslí,Bhí a grua ar áilneacht ar sileadh tóirse,Is ba bhinne a ceol ná ceolta sí.Do leagas mo lámh ar a bráid le mórtas,Is dh’iarras póigín ar stór mo chroí,’Sé dúirt sí, stad is ná strac mo chlócha,Mar go bhfuil fios do ghnósaAn chuid eile de “Eochaill”
Máirín de Barra
A Mháirín is a mhúirín is a lúibín na gcraobh ngealIs cuimhin liom mar do shiúlamar drúchtán an fhéir ghlaisAr fágáil na n-úll is na gcnó is na gcoillteDo shláinte níor dhiúltaíos cé gur tinn dubhach liom féin sin A Mháirín de Barra, do mharaigh tú m’intinnDo chuir tú beo i dtalamh mé i ngan fhios dom mhuintirAn chuid eile de “Máirín de Barra”
Ceann Heilbhic go hArd
I ndúthaigh na nDéise tá an áit is fearr tréithe,Is áile ‘gus is péacaí ón mbun ‘dtí an barrTá daoine breá’ séimh ann ‘tá fial agus béasachIna gcónaí gan baol ar Cheann Heilbhic go hardBíonn nead ag na héin ann fé aiteann agus fraochánAgus taitneamh na gréine ar fhaill is ar thráighPulóg is maicréal ins an bhfarrige taobh leisCoinín is giorré ar Cheann Heilbhic go hard Is chonaic sé na buíochta, na Lochlannaigh fianaIs chonaic sé na Fíníní a sheol chugainn thar sáil’Is an Claudia san oíche ‘na raic mhór na blianaÁ fiach is á cloí fé Cheann Heilbhic go hardIs breá ‘gus is Gaelach, gan lúbadh gan staonadhAn dream a bhíonn ag saothrú is a gcuda ann gach láNíl áit ab fhearr in Éirinn a chaithfinn mo thréimhseAch ar thaobh geal na gréine ar Cheann Heilbhic go hardDóirín Mhic Mhurchudha do chum
Cois Mara Thoir sa Rinn
Do chaitheas mí ‘s ba bhreá liom í,Cois mara thoir sa Rinn;Is ann atá na daoine breá,‘Gus ceol na néan go binn;‘Sí an Ghaoluinn ‘bhíonn dá labhairt go cruinnAg daoine abhus is thall,Ón sliabh dubh-ghlas thá siar ó dheas,Go Baile beag na nGall Rinn Ó gCuan, tá ar thaobh an chuain,Le hais Dún Garbhán;Bíonn Gaoluinn bhreá ansan gach lá,‘S ní hé sa lá amháin;Bíonn rince is greann san oíche ann,‘Scéalta ó Mhicil fhéin,I gcaint glann chruinn go blasta binn,Is breá le macaibh léinn. An áit go léir tá geal soiléir,‘S na radhairc go hálainn breá;Ach thá buaite ann ar radhairc an domhainAg an ngrian dul fé geal-lá;Taobh thiar den sliabh mar a chuaigh sí riamhIna leaba óir bhréa bhuí.‘Sea bhíonn gan scáil an radharc le fáil,Ag dul don ghrian ‘na luí. Bíonn samhraidh buan ar thaobh an chuain,‘Gus fuacht ní bhíonn ‘sa ló;Chun tumtha snámh, nó luascadh cnáimh,Thá’n áit oiriúnach bhreá;Is ann nach baol duit gairid-shaol‘S an t-aer sláintiúil folláin;Áit fairsing buan ‘sea Rinn Ó gCuan;Le hais Dún Garbhán.