Is a mhamaí nach tú an cladhaire
Nár dh'insigh do mo dheadaí i dtráth
Go rabhsa tuirseach tinn lag
Is mé millte le darta grá.
Go mbím san oíche ag taibhreamh
Gur im' mhaighdean rófhada táim,
Is muna bhfaighfear fear gan mhoill dom
Is baolach go raghad am' bhá.
A Nóra, bíse foighneach
Mar ní bhfaighidh tú aon fhear go fóill,
Tá an cíos ag glaoch gan mhoill orainn
'S gan puinn againn le cur 'na chóir.
Tá broid is ceant gach lá orainn
'S ár ngabháltachas róbheag go deo,
Bíonn t'athair bocht drochshláinteach
'S an máistir ródhian sa tóir.
A Mhamaí bíse tuisceanach
Do dhuine atá i bpéin mar atáim,
Tá plámás míle duine agat
Ach ní thuigeann tusa trian mo chás,
Dá gcuirfinn mo scéal i dtuiscint duit
Cárb ionadh leat dá dtéinn fén bhfód;
Muna bhfaighfear fear sa leaba liom
Bead curtha sara dtiocfaidh an fómhar.
Nach maith a fuaireabhair fear do Shíle
'Raibh caoirigh aige 'gus ba go leor,
Ní bhfaighinn féin an gamhainín buí uaibh
Dá laghad é, fiú luach na mbróg.
Tá mo habit shirt gan ní agam
Le trí mhí, de dheasca soap
'Mar a mheasaimse ní bhfaigheadsa
Aon fhear ná saibhreas go deo.
Fan go bhfaighidh mé gúna nua dhuit
Húda agus parasól
Handkerchief trí chúinneach
A mbeidh súilíní ann dhen bhfaisean nua,
Cuirfead bodice ar do chomín deas
Agus teannóidh sé do bhréistin cóir
'S ansan a gheobhaidh tú buachaill ceansa
Gan aon amhras a chailín ó
Taifeadtaí
Labhrás Ó Cadhla - Amhráin ó Shliabh gCua
Áine Uí Cheallaigh - Idir Dhá Chomhairle