A Mháirín is a mhúirín is a lúibín na gcraobh ngeal
Is cuimhin liom mar do shiúlamar drúchtán an fhéir ghlais
Ar fágáil na n-úll is na gcnó is na gcoillte
Do shláinte níor dhiúltaíos cé gur tinn dubhach liom féin sin
A Mháirín de Barra, do mharaigh tú m'intinn
Do chuir tú beo i dtalamh mé i ngan fhios dom mhuintir
Ar mo luí dom ar mo leaba is ortsa bím ag cuimhneamh
Is ar m'éirí dom ar maidin, gur chealg tú an croí ionam.
Do thugas, is do thugas, is do thugas óm chroí gean duit,
Ar Dhomhnach Fhéile Mhuire na gcoinneal sa teampall,
Do shúilín ba ghlaise ná uisce na ngeamhartha
Is do bhéilín ba bhinne ná an druid nuair a labhrann.
Do shíl mé tú a mhealladh le briathra is le póga,
Do shíl mé a mhealladh le labhairt is le móide,
Do shíl mé tú a mhealladh ar bhreacadh na heornan,
Ach dh'fhág tú dubhach dealbh ar theacht don bhliain
nua mé.
Is aoibhinn don talamh a siúlaíonn tú fhéin air,
Is aoibhinn don talamh an uair a sheinneann tú véarsa,
Is aoibhinn don leaba ina luíonn tú fén éadach,
Is ró-aoibhinn don bhfear a gheobhaidh tú mar bhean-chéile.
Do shiúlfainn an tsráid leat ar lámh i m’aonar
Do raghainn thar sáile gan dhá phingin spré leat
Mo ghaolta is mo cháirde go brách brách ní thréigfinn
Ach aon phóigín amháin is a rá gur leat féin mé
A Mháirín, glac mo chomhairle is ná téirigh ar t'aimhleas,
Ná pós aon stróinséir fear séite na hadhairce,
Ach gaibh leis an óigfhear a nglaoann siad Ó Floinn air,
Is pósfair chun réitigh, mar is é is toil le do mhuintir.