Mo Thigh Beag Aerach

Tá crainnín aonair a bhfuil air géaga
A bhriseann géirshioc is gaoth aduaidh
Ag fás go treorach ó thráth nach eol dom
Is sásta gleoite é, gan bhréig is buan
Tá éinín páirteach ar ghéig 'na bharr san
'Is é go fáiltiúil ag labhairt ó chroí
'S i bhfios dom féineach, tá suite taobh leis
Mo thigh beag aerach sa ngleann seo thíos
 
Tá sruth ar m'eolas ag rith go ceolmhar
As ucht an mhórchnoic le fánaí anuas
A bhfuil poirt is féar glas á fhoilsiú in éineacht
'S a chur gan bhuíochas 'na bráighe chun cuain
Tá an t-eas ag géimnigh ann an breac ag léim ann
'S an bheach ag saothrú le fonn chun tís
'S mise im' aonar cois tine ag éisteacht
Im' thigh beag aerach san ngleann seo thíos.
 
Ó éirí gréine go dtéann sí fé thiar
Bíonn a h-aghaidh go séimh-gheal ar m'áras féin
Is ionmhain léi mo phinniúir aolmhar
'S m'fhuinneog léir ghlan i lár an lae
Is deas gan bhréig díbh a thagann ré dho
'S í ag bailiú léi thar toinn is tír
Níl ionad saolta chomh cliothar néata
Lem' thigh beag aerach sa ngleann seo thíos.
 
Ní iarrfainn aoibhneas ní iarrfainn saoirse
Ní iarrfainn choíche caisleán ná cúirt
Níl eolas uaimse ar ór ná ar uaisleacht
Ná ar bhóiceáil uaibhreach ag soláthar clú
Mo thrua gach éinne 'tá ar thuairisc féile
Níl uaimse in aon chor mar gheall sa tír
Ach mo chrainnín aonair mo shruth is m'éinín
'S mo thigh beag aerach sa ngleann seo thíos.

Pádraig Ó Miléadha do chum

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: