A Choimín mhallaithe guímse deacair ort is gráin Mhic Dé,
'S ar an ngasra úd tá ceangailte go dlúth led thaobh,
Mar is sibh a dhearbhaigh i láthair Choisteala ar an triúr fear séimh
Is a chuir na Connerys thar na farraigí go dtí na New South Wales.
An té bheadh ina sheasamh ann is a dhéanfadh machnamh ar ár gcúis dá phlé,
Mar gur sheasaigh sí ón a seacht ar maidin go dtí tar éis a naoi.
Chrith an talamh fúinn le linn na leabharacha á dtabhairt sa mbréig,
Is mo ghreidhinse an t-anam bocht mar tá sé damanta más fíor í an chléir.
Tá jaicéid ghairide á ndéanamh ó mhaidin dúinn is triúis dá réir,
Culaithe farraige, ní nár thaithíomar i dtús ár saoil.
Murach feabhas ár gcarad dúinn bhí ár muinéil cnagtha agus sinn go doimhin san aol,
Nó gur casadh sinn chun téarmaí a chaitheamh ins na New South Wales.
A Bhanríon Bheannaithe is a Rí na bhFlaitheas geal, tabhair fuascailt orainn araon,
Is ar an mbanaltra atá sa mbaile go dubhach inár ndiaidh
Le linn an Aifrinn bígí ag agallamh is ag guí chun Dé
Ar na Connerys a thabhairt abhaile chughainn ós na New South Wales.
Taifeadtaí
Labhrás Ó Cadhla - Amhráin ó Shliabh gCua
Nioclás Tóibín - Rinn na nGael