Is buachaillín fíoróg mé, go bhfóire orm Rí na ngrás Thug searc do chailín óg i dtigh an ósta le comhrá gearr Ní raibh hata uirthi ná húda ná búclaí buí déanta práis Ach téip i gcluais a bróigín, ‘sí mo stóirín í go bhfaighe mé bás. Móra dhuitse, a éinín, ag léimrigh ó chrannAn chuid eile de “An Goirtín Eornan”
Author Archives: Stór Oidhreachta na nDéise
An Buachaillín Bán
Tá mo chroí-se go tláth lag ‘s i lár mo chuid saothair Tagann lán tocht im chléibhse cé nár mhéin liom é rá Tá an díbirt i ndán dom ó bháin bheannaibh Éireann Is fánach mo shaolsa ‘s is déarach mo chás Is cuimhin liom an tráth úd a ghrá ghil na n-ae istigh ThugasAn chuid eile de “An Buachaillín Bán”
Aililiú na Gamhna
Is iníon d’aoire mé féinig gan amhras Do bhíodh ina cónaí cois taobh na leamhna Bhí bóthán agam féin ann is fuinneog i gceann de Fad a bhíodh an bainne ‘téamh agam ‘sa ghlaochfainn ar na gamhna. Curfá Aililiú na gamhna na gamhna bána Aililiú na gamhna na gamhna b’iad a b’fhearr liom Aililiú naAn chuid eile de “Aililiú na Gamhna”
Príosún Chluain Meala (Leagan 3)
Bliain is lá amárach sea dh’fhágas an baile,A’ dul go hArd Phádraig ag cur lásaí lem hata;Bhí Buachaillí Bána ann agus rás acu ar Ghallaibh,Agus mé ’dubhach deorach i bPríosún Chluain Meala. Tá mo shrian is mo dhiallait ar iarraidh le fada,Tá mo liathróid á bualadh ag buachaillí an bhaile,Tá mo chamán dá liathadh féAn chuid eile de “Príosún Chluain Meala (Leagan 3)”
Príosún Chluain Meala (Leagan 2)
Ar maidin lae ’le Pádraig ’s mé ag fágáilt an bhaile,’S mé ag dul go hÁrd Pádraig ‘cur lásaí lem hata.Bhí Briainín is Máirín á shíor-rádh liomsa casadh,Agus mé go socair sást’ i bhfochair Sergeant ag ól leanna. Éir’id’ shuidhe a bhuachaill, agus gluais ar do ghearrán,Go ragham ’triall ar an stuairín ’tá thuas arAn chuid eile de “Príosún Chluain Meala (Leagan 2)”
Príosún Chluain Meala (Leagan 1)
Dh’imíos-sa óm mhuintir le aird-intinn an tsaoil,Liostáil mé san arm is níor dh’fhan mé ach bliain;Dhein mé deserting, ar an mbaile ’raibh mo thriail,Is i bPríosún Chluain Meala ’tá mo leaba le bliain. Tá mo shrian is mo dhiallait ar iarraidh le tamall,Tá mo chamán ag liathadh is ag fiaradh fé’n leaba,Tá mo liathróid áAn chuid eile de “Príosún Chluain Meala (Leagan 1)”
Péarla an Chúil Chraobhaigh (Fada)
Dob aoibhinn mo bheatha feadh sealad i dtúis mo shaoil,Gan buaireamh gan mhairg cois Machan ghlas úr na gcraobh,Is ann a chónaigh an ainnir gheal phearsanta, shuairc, mhín, tséimh,Chuirfeadh suáilceas ar m’aigne ar maidin ’s i meon an lae. B’í péarla an chúil chraobhaigh mo rogha ’s mo thogha thar mnáibh,A dtug mo chroí geanAn chuid eile de “Péarla an Chúil Chraobhaigh (Fada)”
Péarla an Chúil Chraobhaigh (Gairid)
Dob aoibhinn mo bheatha ar feadh sealad i dtúis mo shaoil,Gan buaireamh gan mhairg cois Mhachan ghlas úr na gcraobh,Is ann a chónaigh an ainnir gheal, phearsanta, shuairc, mhín, tséimh,Chuirfeadh suáilceas ar m’aigne ar maidin ’s ar mheán an lae. S’í péarla an chúil chraobhaigh mo rogha ’s mo thogha thar mnáibh,A dtug mo chroíAn chuid eile de “Péarla an Chúil Chraobhaigh (Gairid)”
Na Conneries
A Choimín mhallaithe guímse deacair ort ’s gráin Mhic Dé,Agus ar an ngasra úd ’tá ceangailte go dlúth led thaobh,Mar is sibh a dhearbhaigh i láthair Choisteala ar an triúr fear séimh,Is a chuir na Connerys thar na farraigí go dtí na New South Wales. An té bheadh ina sheasamh ann is a dhéanfadh machnamhAn chuid eile de “Na Conneries”
Lá Fhéile Pádraig (Leagan 3)
Ó bhíos Lá Fhéil’ Pádraig im’ shuí i tigh’n tábhairneBhí gasra álainn le mo thaobh ag ól,Bhí stuaire mhánla na gcuacha bán’ ann,A súil mar airne ’s a grua mar rós.Bhí dís dearthár ann ’na suí ar cheann ’cláir ann’Thug searc ’s grá don réilthean óg,Fear súiste is rámhainne is maistir scoláirí,A scríobh a lánAn chuid eile de “Lá Fhéile Pádraig (Leagan 3)”