An Ceannaí Bán

Céad slán chugat a Éire gídh gur léan liom tú d’fhágaintMar is fada óna chéile tá’n ghaoth so ‘nár dtiomáintAr bharr na dtonn dtréan ar thaobh luinge luascánIs sinne go dubhach déarach ag dul féachaint an oileáin.Is a Dháth Paor na n-árann mo chás thú is mo mhairgAg dul ar bhórd árthaigh nó in áird’An chuid eile de “An Ceannaí Bán”

Cois Abha Móire na nDéise

Nach ró-bhreá an dúthaigh a mbéarfainn liom thúGo Cois Abha Móire na nDéiseMar a mbíonn an smóilín is an lon go ceolmharIs fia na mbeann dhá thraochadhBíonn torthaí cumhra ar chrannaibh lúbthaIs bláth na n-úll ar ghéagaAn chuach gan amhras i dtúis an tSamhraidh’S an traghan ag labhairt insan bhféar glas.Ná pós aon smíste deAn chuid eile de “Cois Abha Móire na nDéise”

Eochaill

Maidin Domhnaigh is mé ag dul go hEochaill,Do chasadh an ógbean orm sa tslí,Bhí a grua ar áilneacht ar sileadh tóirse,Is ba bhinne a ceol ná ceolta sí.Do leagas mo lámh ar a bráid le mórtas,Is dh’iarras póigín ar stór mo chroí,’Sé dúirt sí, stad is ná strac mo chlócha,Mar go bhfuil fios do ghnósaAn chuid eile de “Eochaill”

Idir Aird Mhór is Eochaill

Idir Aird Mhór ‘s Eochaill sa ród seal do bhíosAr chóngar na taoide ‘s í ag tráchaint,Sea do dhearcas an ógbhean go mómharach binn’S a cuacha léi cíortha go básta.Is cailín ó Eochaill í, is eolach dom íIs tá sí gan pósadh go bpósfadsa í;Tá coróin gheal i mo phóca agus ólfaimid íIs fágfaimid siúdAn chuid eile de “Idir Aird Mhór is Eochaill”

An Páistín Fionn

Grá mo chroí mo pháistín fionn,A croí is a haigne ag gáire liom,A cíocha geala mar bhláth na n-úll,Is a píob mar eala lá Márta. Curfá:Is tusa mo rún, mo rún, mo rún,Is tusa mo rún, is mo ghrá geal,Is tusa mo rún is mo chumann go buan,Sé mo chreach gan tú agam ó do mháithrín. CaraAn chuid eile de “An Páistín Fionn”

Casadh an tSúgáin

A Rí na bhfeart cad do chas ins a’ dúthaigh seo mé?‘S gur mó cailín deas a gheobhainn im’ dhúthaigh aoibhinn féin;Gur chasadh mé isteach mar a raibh searc agus grá geal mo chléibh,’S chuir an tseanbhean amach mé ag casadh an tsúgáinín féir.Má bhíonn tú liom bí liom, a stóirín mo chroí,Ma bhíonn tú liom, bí liom os comhair an tsaoil;Ma bhíonn tú liom, bí liom i ngach orlach ded’ chroí,Is é mo lom go fann nach liom Dé Domhnaigh tú mar mhnaoí.Tá mo cheannsa liath le bliain is ní le críonnacht é,Ní bheathaíonn na bréithre na bráithre pér sa domhan scéal é;Is táim id’ dhiaidh le bliain is gan fáil agam ort féin,’S gur geall le fia mé ar sliabh go mbeadh gáir con ina dhéidh.Má bhíonn tú liom…Do threabfainn, d’fhuirsinn, chuirfinn síol ins a’ chré,‘S do dhéanfainn obair shocair, álainn, mhín, réidh,Do chuirfinn crú fén each is mire shiúil riamh ar féar,’S ná héalaodh bean le fear ná déanfadh san féin.Má bhíonn tú liom…