Táimse im’ Chodladh

Tráthnóinín déanach i gcéin cois leasa dom. Táimse i m’ chodhladh is ná dúisigh mé. Sea dhearcas lem’ thaobh an spéirbhean mhaisiúil. Táimse i m’ chodhladh is ná dúisigh mé. Ba bhachallach péarlach dréimreach barrachas A carnfholt craobhach ag titim léi ar bhaillechrith ‘S í ag caitheamh na saighead trím thaobh do chealg mé. TáimseAn chuid eile de “Táimse im’ Chodladh”

Chuas ar mo Frolic

Chuas ar mo frolic ar mhallaing i dtúis mo shaoil Nuair a chuas go Cnoc Grafa mar a mbaintear an Fomhar le faobhar, Shíleas go bhfaighinn cead codladh mar a chleachtaíos im’ dhúiche fhéin Bhí an scológ ‘na sheasaimh ar maidin le bárd í an ? (is b’ard í a ghlao’?). “Móra dhuit, a thraibhiléir”,An chuid eile de “Chuas ar mo Frolic”

Na Prátaí Dubha

Is iad na prátaí dubha a dhein ár gcomharsana do scaipeadh orainn, Do chuir ins na poorhouse iad ’s anonn thar na farraigí, I Reilig an tSléibhe atá na céadta acu treascartha, Is uaisle na bhflaitheas go ngabhair a bpáirt. A Dhia na Glóire, fóir is freagair sinn, Scaoil ár nglasa agus réidh ár gcás, Ar anAn chuid eile de “Na Prátaí Dubha”

Margaret na hEaglaise

Dúirt Margaret lena master dá gceannódh sé bó bhainne dhi Go ndéanfadh an t-im ab fhearr bhí i nDonn Garbhán tigh an mhargaidh; Go mbeadh sé inniúil d’aon taster in Éirinn nó in Sasana Mar thug sé chun an svae leis ó dairy-bhean na mainistreach. Is an chéad fheircín ‘ dhein Margaret bhí cáithníní isAn chuid eile de “Margaret na hEaglaise”

Máirtín a’ Bháille

Ag góilt amach dom tráthnóinín aerach, thugamar féin an samhradh linn, gan neach ‘om’ ghóilt ach mé ag taisteal im’ aonar, thugamar féin an samhradh linn; casadh im’ chuaird liom beirt áiléadach, thugamar féin an samhradh linn, ar thaobh na gréine de chnocán Paorach, thugamar féin an samhradh linn. Curfá Thugamar, thugamar, thugamar, thugamar, thugamarAn chuid eile de “Máirtín a’ Bháille”

Fuaireas-sa cuireadh

Fuaireas-sa cuireadh chun dul ar a’ bpósadh Hacstaí micidí hicidí hum, Is olc a chuaigh an cuireadh san dómhsa Hacstaí hódaí micidí hicidí hum, Dhódh mo stocaí ’gus ghoideadh mo bhróga Hacstaí micidí hicidí hum, Agus thit mo bhean in oighean na feola Hacstaí hódaí micidí hicidí hum. Ní bhfuaireas-sa scian ná forc chun aAn chuid eile de “Fuaireas-sa cuireadh”