Ar m’aisling aréir tré néaltaibh im’ shuain dhom Do dhearcas an bhéchriostal dea-mhaorga an dress uaithne D’fhiosraigh sí go séimh díom an bhfuil aon léann ort ná buaireamh Do cháirde bheith tréith lag ar thaobh Chill an Fhuarthainn. Do phreabas suas trím’ néaltaibh mar nár mhéin liom an duan sin Nó go bhfuaireas thú goAn chuid eile de “Ar Thaobh Chill an Fhuarthainn”
Author Archives: ofearghailc
An Cat Fireann Bán
Do Bhíos-sa Lá i bPort Láirge
An Poc ar Buile
Ar mo ghabháil dom siar chun Droichead Uí Mhórdha, Píce im’ dhóid is mé ag dul i meitheal, Cé chasfaí orm i gcumar ceoidh Ach pocán crón is é ar buile, Ailliú puililiú, ailliliú tá an poc ar buile. Do ritheamar trasna trí ruilleogach Is do ghluais an comhrac ar fud na muinge Is treascairtAn chuid eile de “An Poc ar Buile”
Bóthar Chluain Meala
Ar mo ghabháil go B’leá Cliath dhomGo dian-mhoch ar maidinDo casadh cailín óg orm A raibh scáil a’ rósaí ‘na leacain,D’fhiosraigh díom an óigbhean“Cá gcónaíonn tú a mharcaigh?”“Cónaím i dtigh lóistínAr bhóthar Chluain Meala”“Is aithris scéal nua dhúinnÓ’r tú is déanaí d’fhág an baileAn maireann do chéileNó an raibh sí ariamh “Tá sí go tinn tréith lagMoAn chuid eile de “Bóthar Chluain Meala”
Éire
Aréir is mé go huaigneach im’ luí ar mo leaba im shuan domAg smaoineamh ar na cruabhearta fém thuairim ‘bhí im’ chóir,Nuair a tháinig an ríbhean uasal, is lem’ thaobh gur shuigh sí suas liom,Ba bhinne liom a duanta ná a dh’airíos riamh dhe cheol.Sí coisín deas i mbróigín is a coimín snoite cóireachA píbAn chuid eile de “Éire”
Sliabh na mBan
Ní airím véarsa ó lon ná ó chéirseach Is ní fhásann féar ins na gaortha ceart; Mar nach bhfuil suim ag an spéirbhean i spórt ná i bpléisiúir Ach í ag gol is ag béiceadh is ag réabadh bas. Á rá liom faoiseamh, ní bhfaighidh na sárfhir Aon oíche in Éirinn ná uain chun reast,An chuid eile de “Sliabh na mBan”
Na Tincéirí
Tráthnóna breá ciúin is an ghrian le linn luí, Is mé cois na tine fé shuaimhneas im shuí, Tháinig bean bhocht go dtí an doras ag lorg lóistín Is í ag féachaint róthuirseach den bhóthar. Bhí a slipéirí briste gan ranna gan bonn, Is seanbhrat giobalach casta ar a ceann, Ní raibh cosaint ón bhfuachtAn chuid eile de “Na Tincéirí”
Tadhg an Dá Thaobh
Is fada do bhí mé ar mhaithibh na tíre,Ba mhór é mo mhaíomh is mo mheas orm fhéinAch anois tá mé claimhte, níl tapa’s níl brí ionamSé’n t-ainm a ghlaodh orm “Tadhg a’ Dá Thaobh”.Is oró mo bhuachaillí, thá mé go brónach,Is oró mo bhrón ar an nGaolainn go léirMar dh’fhágadar tréith mé is bhuaileadarAn chuid eile de “Tadhg an Dá Thaobh”
An Cailín Deas Rua
Ar m’aisling ‘dom féin aréir ‘s mé ‘m leaba trí ‘m shuan; Go rabhas dul ‘om phosadh lem stór chroí go h-intinneach suairc, Bhí rince gus ceol go leor dá spreagadh lem chluais, Agus céad giní óir ar an mbórd lem Chailín Deas Rua. ‘Sé Tiobraid Árann a dh’fhágas ar maidin Dé Luain; Níor stadasAn chuid eile de “An Cailín Deas Rua”