Seoladh na nGamhna

Tráthnóinín déanach is mé gan mhairgAg seoladh na ngamhna fén bhfásachDo dhearcas chugamsa an spéirbhean mhaisiúilChiúin thais bhanúil náireach.D’fhiasraíos féin go séimh dhen ainnirAn aon ní  thar lear a tháinigAg seoladh na ngamhna ‘sea dh’fhágas an baileAch ceann ní bhfaighead go lá dhíobh. Ag lorg na ngamhna ‘sea chuireasa mo leanbh’S níor tháinig sí anonn i dtráth chugamMar bhí traonaire roimpi ag pointeAn chuid eile de “Seoladh na nGamhna”

Seán Ó Loinn

Tá Seán Ó Loinn thoir sa ngleann Tigh beag deas aige féin is a chlannNí dada leis an obair thromAch maireann sé go sásta. Cúrfá:Óró mo ghile thú Fan ansúd, a Sheáin a rúnÓró mo ghile thúFan ansúd go sásta. B’fhearr leis siúd ná cóiste an ríA phónaí rua is a chairtín buíIna shuí ansúd ar mhála tuíAg dulAn chuid eile de “Seán Ó Loinn”

Seán Ó Dí

Níor ghéilleas riamh do ráitibhFile, fáidh nó draoiGo bhfuair an Vulcan gránnaVénus bhreá mar mhnaoi,Nó go bhfaca péarla an bhánchnisLe toil a cairde gaoilGan rogha nó malairt áraisI bhfochair Sheáin Uí Dhí. Ní ghéillim nach sprid naimhdeachDo tháthaigh dlúth an dís;A chuspóir pheaca MhámoinIna measc, mo náire, bhís!Mopso Nisa datur-Is fíor an ráiteach íÓ fuair anAn chuid eile de “Seán Ó Dí”

Raidhrí Álainn

Oíche roimh fhéil’ Sheáin is mé ar mo shámh leaba sínte,Sea chonnacas samhailt mo mháthar go cráite is í síor-ghol,A rá – “Eirigh id’ shuí. A Phádraig, is is cráite bheidh an croí ‘gat,Tré bhás do dheartháir álainn ‘sea d’fhágas an Cnoc Buí ‘muigh.” “Fóill a bhean, na h-imigh uaim go neasair brí do scéil dom,IsAn chuid eile de “Raidhrí Álainn”

Róisín Dubh

A Róisín, ná bíodh brón ort ná cás anois.Tá do phardún ón bPápa is ón Róimh agat.Tá na bráithre ag teacht thar sáile is ag triall thar muir,Is ní cheilfear fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh. Tá grá agam i mo lár duit le bliain anois,Grá cráite, grá cásmhar, grá ciapaithe,Grá a d’fhág mé gan sláinte,An chuid eile de “Róisín Dubh”

An tSeanbhean Bhocht

Tá na Francaigh ag teacht thar sáile arsa an tseanbhean bhochtTá na Francaigh ag teacht thar sáile arsa an tseanbhean bhochtTáid ag teacht le soilse an ré, bead anseo le fáinne an lae‘Is beidh ár naimhde cráite tréith arsa an tseanbhean bhocht.  ‘Is cá mbeidh cruinniú na féinne arsa an tseanbhean bhocht‘Is cá mbeidh cruinniú naAn chuid eile de “An tSeanbhean Bhocht”

Iníon an Fhaoit ón nGleann (Leagan 2)

(ó bhéal aithris Phádraig de Faoite, an tSeana-Chill, Rinn Ua gCuanach)   Ó, ’gus maidin cheoch nuair a dh’éiríosIs do ghabhas amach sna coilltí,Ó, ansúd ’sea bhuail an treighid méná leighisfar fóiríl;Nuair a dhearcas an bhruinneall mheidhreachI lúb na coille ag éisteacht,’s ar ndói’ phreab mo chroí le greidhin digur dea-bhean dom í. Ó, ’gus siúil, a chuid, bí ag gluaiseacht,Gan stáir, gan stad, gan fuaradh,Mar thá’n oíche ghairid shamhradh’gus beam araon ar siúl,Mar a bhfaighimid radharc ar chuantaCeol aoi(bh)nnis ’gus bailtí móra,Ó, is mo chroí nach mór mar is dlúth é’s ní dh’áirínnse mé bheith tinn. Ó, ’gus thíos age Móin a’ Ráithe’sea chúnaíonn sí, mo ghrá-sa.’S í an chuaichín mhilis bhláthmhar íBfuil a píb mar eal’ ar linn;Mar is binne liom í ná’n chláirseach’S ná na céadta cruit is breátha,Ó, chun síneadh lena bán-chnis, (nó – Chun póg agus míle grá uaithi)a Iníon an Fhaoit ón nGleann. ’Gus dá mbeinnse lá breá gréine,ó, am’ shuí ar bhinn a tsléibhe ’muigh;Go mbeadh an londubh is an chéirseacha’ sinniúint as mo cheann.Nach deas do scrífinnse bhéarsais ar ndói’ nach ró-bhreá ’ léifinnDá mbeadh sí suite taobh liom;Iníon an Fhaoit ón nGleann. Ó, ’s do shiúlfainnse cnoic is sléibhte,Coillte, cnoic is réití,Agus réithinnse gach scéal duit,ó, ab fhéidir-e é, a riúin.Ach dá bhfaighfaí sinn lena chéilí,ó, plé le cúrsaí an tsaoil seo,Do réithinn fhéin ó bhaol tú,’ Iníon an Fhaoit ón nGleann.

Éiníní

Éiníní, a chroí ‘stigh, codlaígí fén droighneach, Ní baol díbh aon díth ‘nocht, an cat buí ná a hál. Ní baol ná an síofra cois leasa na luí dhó, Ná an dobharchúthá cíocrach thíos ar an dtráigh. Curfá: Codlaígí, éiníní, smóilíní, céirsíní, Codlaígí éiníní sa chlaí ‘muigh go sámh, Codlaígí éiníní, smóilíní, druidíní, Codlaígí dá bhrí sin, codlaígí go lá. Éiníní a chroí stigh, codlaígí fén droighneach, Ní baol daoibh na daoine thá ‘na gcodladh go sámh. Ní baol ná aon draoireacht agus mise bhur gcoimhdeacht. Codlaígí dá bhrí sin, codlaígí go sámh.

Cailíní Sheáin Uí Chuilleanáin

(ó bhéal-aithris Phádraig de Faoite, an tSeana-Chill, Rinn Ua gCuanach)   Ó, do bhíos-sa lá cois tine ’stigh,ó, is mo ghloine agam ’s mo chrúnáin dí,mar do thóg sé ceo ar m’inínna dh’fhág mé go trom am’ luí.Ó, guím achainí báis ar dhuine éigintNár tháinig is mé thabhairt ón dí;Fad a chuas fí chlár na himeartha’s gach pingin dá raibh ann a dhíol. ’Gus ba mhaith liom mug maith saghdarbheadh lán chugham go breá ar bord, ’gus ba mhaith liom crannaíl phípe,ó, bheadh líonta dhe chrannaíl cheoil.Ba mhaith liom seal san oíchenuair a bheinn sínte lem’ mhíle stór,’gus níor mhaith liom caille thai(bh)seachNá rinncfeadh nuair a gheobhadh sí ceol. ’Gus anois thá’n sp’rán trom so ’mithe uaim’s nín pingin agam anois le n-ól,Is thá’n píopán fada réidh seoÁ thraochaint age’n osnaíl mhór.Ó, mar braon ní raghadh im’ bhéal denó go gcasfaí mo dhiomá brúin,’gus a mhaise plúr ban Éireann;in úr ndéidh-se ní mhairfead beo. ’Gus aríst ó thráigh mo phócanín pingin agam ’nois le díol.Ach dá líonfá cart den machine dhom,ó, go gcasfar mé sa ród aríst.Ó, ’pon me word ní thuigeann túMar thá cuileachta nach meabhar leo suí.Bí ar siúl is fág mé, a ghliogaire,mar thá’n tuille romhat sa tsruthán buí. Ar mo ghabháilt trí Shráid a’ Mhuillinn dombhí pilliliú ’gus céad am’ chomhair’ge cailíní Sheáin Uí Chuilleanáin’gus níor mhiste leo súd méid mo bhróin.Ach anois ó chráigh a’ donas méIs go bfuil boineannaigh chún saor le móin,nuair a raghad go Cúigí Chonnachtagheobhad bruinneall ann is míle póg.

Cáit Ní Fhloinn

(ó bhéal aithris Phádraig de Faoite, An tSeana-Chill, Rinn Ua gCuanach)Fonn – An Spealadóir   Agus a Cháit Ní Fhloinn do mheallais mé le ráite do bhéalGheall tú páirc is paiste dhom de bharr mín réidh,Ach ní raibh agat nach ac(a)ra, ó, dhe mhúinteán báite bascatha’gus buachaill bhí ró-sheasamhach ná barr dho saol. Portaireacht…’S ní raibh agat nach ac(a)ra, ó, dhe mhúinteán báite bascatha’gus buachaill a bhí ró-sheasamhach ná barr dho saol.   Fuair mé speal in Sasana agus crann sa nGréigCloch is cláir is gaineamh air óm’ dhúithí fhéin’gus a’ faobhar a chuirfinn ar maidin suas sheasódh sé rioth na seachtaine’s is bearrtha bhíodh a’ t-ac(a)ra le héirí an lae. Portaireacht…’s a’ faobhar a chuirfinn ar maidin suas sheasódh sé rioth na seachtaine’s is bearrtha bhíodh a’ t-ac(a)ra le héirí an lae.   Ó, leagas-sa mo chrann i dteannta an fhéir,’S an spealín cneasta í nár cham riamh do bhéal.Ó, ’s mo mhúirnín bhí ar bharr a’ chré a d’iarraidh é chuir trí (chuirim?) ghlas’s óm’ chroí go gcuirfinn giorraithe ar fán chun sléibhe. Portaireacht…Ó, ’s mo mhúirnín bhí ar bharr a’ chré, ó, a d’iarraidh é chuir trí (chuirim?) ghlas’s óm’ chroí go gcuirfinn giorraithe ar fán chun sléibhe.