Aréir is mé ag Machnamh

Aréir is mé ag machnamh ar Íosa mac m’Athar A daoradh le peannaid go tréithlag sa Pháis, A raibh a mhínchneas á ghearradh le sciúirsí go daingean Ar an daorchrois á cheangal Dé hAoine chun báis. A Íosa, a mhic Mhuire, saor sinn ón tine, ’S ná scaoil sa choire géar sinn go bráth, IsAn chuid eile de “Aréir is mé ag Machnamh”

Rinn na nGael

Tá gaoth an tuaiscirt ag séideadh aduaidh chughainn Is Phoebus uasal go hard san spéir; Tá an saol go huaibhreach is Gaeil ag gluaiseacht, Na céadta ar tuairisc na trá go tréan. Tá an bhliain ‘s a saothar im’ dhéidhse fhéineach ‘S a rian go léircheart ar m-aghaidh gan bhréag. Beidh mo thriall go héascaAn chuid eile de “Rinn na nGael”

Ceárta Mhicil de hÓra

I gceártain Mhicil is gnáthach mise Go bearrtha cimilte gléasta, An oíche ag titim, mo phíp ar inneall ’S mé im shuí cois boilg ag séideadh. Bíonn caortha dearga tréana ag preabadh ’Na dtréadaí mallaithe dóite, Agus sárfhear imeartha ag tiomáint le fuinneamh I gceártain Mhicil de hÓra. Níl fál ar barrchrith, báire ar fhaiche,An chuid eile de “Ceárta Mhicil de hÓra”

Seán an Bhríste Leathair

Nuair a bhíos-sa héin ‘ dtúis m’óige agus mé ag dul i measc na bhfearaibh Ní dhéanfadh ao’ rud domhsa gan iompó amach im’ ghaige, Thit mé i ngrá le lady a chaitheadh veil is bonnet, Agus shíl mé go bhfaighinn aoinne ó chaith mé an bríste leathair. Curfá ‘S an tiú ra liú raAn chuid eile de “Seán an Bhríste Leathair”

Raghaillí an Chúil Bháin

Istoíche Dhé Domhna’ ‘s mé a’ góilt soir cois trá Cé chasfaí orm san oíche ach Raghaillí an Chúil Bháin A raibh luisne ‘na ghruanna is a ghruaig bhuí ‘ curláil ‘Sé mo chumha tú Mhic Uí Raghallaigh, mar a dheineadh tú ‘ bhá. Is is baintreach ‘s is maighdean a dhein Dia dhíom goAn chuid eile de “Raghaillí an Chúil Bháin”

Nóra an Chúil Úmair

‘A Nóra an chúil úmair ‘s é mo chumha nach liom féin thú, I ngleannta dubha uaigneach’ nó i gcuanta bán Éireann, Mar d’fhágaise mo cheannsa gan onsa amháin céille, ‘S is mac Rí mé ó Londain ‘tá i bpráinn mhór duine éigint.’ ‘Ach raghadsa thar sáile ‘s fágfad Éire feasta, Sa bhFrainc atá moAn chuid eile de “Nóra an Chúil Úmair”