Rosc Catha na Mumhan

D’aithníos féin gan bhréig ar fhuacht’s ar anfa théitis taobh le cuanar chanadh na n-éan go séanmhar suaircgo gcasfadh mo Shaesar glé gan ghruaimMeasaim gur subhach don Mumhain an fhuaim’s dá maireann go dubhach de chrú na mbuatorann na dtonn le sleasaibh na long’tá ag tarraingt go teann ‘nár gceann ar cuaird. Tá lasadh sa ghréin gachAn chuid eile de “Rosc Catha na Mumhan”

Ó Dónaill Abú

Tá binncheol na h-adhairce go glórach ag géimnigh,Gáir dhearg Thír Chonaill go h-árd ar an ngaoth,Timpeall  Loch Súilighe, tá’n marcshlua ag léimrighAg déanamh thar chaoráin le lúcháir a gcroí.Síos as gach sliabh is gleann, laochra ná teithfidh ann‘Teannadh go tíriúil fé bhrat glas Aoidh Rua;Buannach is Gallóglach ‘cruinniú go tiubh isteachSuas fán bhúr ndíl-tír, Ó Dómhnaill abú. Tá Ó Néill, croí na féile, go cróga ag claonadhAr chruacha ár dtíre le bláth bán na slua;Tá cúig mile marcach go soillseach ag síneadhThar bruacha na Banna le cabhrú inniú.Cloífear ár namdaid ann !  Brisfear a gcnámha ann !Sasanaigh sanntach gan tróicre gan trua.Beidh said go brónach faoi treanghuth ár mbuachaillíAg craoladh go bródúil, ” Ó Dómhnaill abú”. Is cráfach an cúram atáimíd ag cosnúÁr  dtithe, ár dTeampaill is áltóirí Dé.Tá tinnte ár namhaid go léanmhar dá lasadhAr uair an mheán-oíche ag deargadh a dtreo.Suas libh a cháirde cór’ !  Síos leis an scriosadóir !Seasfaidh go daingean Clann Chonaill inniú !Agus le cabhair an Rí greadfar na Sasanaigh,Éire ár ndíl-tír, Ó Domhnaill abú

Óró, ‘Sé do Bheatha Abhaile

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáileÓglaigh armtha léi mar ghárdaGaeil iad féin ‘is ní Gaill ná SpáinnighIs cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh. Cúrfá:Óró sé do Bheatha AbhaileÓró sé do Bheatha AbhaileÓró sé do Bheatha AbhaileAnois ar theacht an tSamhraidh ‘Sé do bheatha a bhean ba léanmhar Dob é ár gcreach tú ‘bheith i ngéibhinnDo dhúthaigh bhreá ‘bheithAn chuid eile de “Óró, ‘Sé do Bheatha Abhaile”

Ceol an Phíobaire / A Mhúirnín Dílis

Má phósann tusa an t-iascaireBeidh agat gan aon fhear,’S a mhúirnín dílis, Eibhlín Ó,Tógfaidh sé a sheolta maidin Dé h-AoineIs má éiríonn stoirm ní chasfaidh sé choiche! Céad fearra dhuit se mise’gus an ceol atá sa phíb agam’S a Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó!Má phósann tusa an feirmeoirBeidh agat gan aon fhear,’S a mhúirnín dílis, Eibhlín Ó,CuirfidhAn chuid eile de “Ceol an Phíobaire / A Mhúirnín Dílis”

An bhfaca tú mo Shéamaisín?

A’ bhfaca tú mo Shéamaisín Mo mhaicín óg, mo bhuachaillín? A’ bhfaca tú mo Shéamaisín Is é ‘dhul síos a’ bóthar? Curfá:Buachaill deas é mo Shéamaisín,Buachaill deas é mo Shéamaisín,Buachaill deas é mo Shéamaisín,Is gear go mbeidh sé pósta! Níl bróg ar bith ar a dhá choisín Ar a dhá choisín, ar a dhá choisín. Níl bróg ar bith ar a dháAn chuid eile de “An bhfaca tú mo Shéamaisín?”

An Carabhat

Is fada ‘tá fuaim ag gluaiseacht eadrainn,Ag tuar chun sparainne i gClár Uí Néill;Ó bhailtí na tuatha go bruach na farraige,Uabhar agus eagal agus ár ar Ghaedhil.Tá siosma ró mhór ins an gcuan seo in aice linn,An Eaglais buartha ar uair an Aifrinn,Ag sileadh na súl ag tabhairt cómhairle bhúr leasa dhíbh,Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal. A bhuachaillí croí ná bigí i bhfeirg liom,Is díbh-se spreagaim mo ráite béil;Tagann osna im chroí nuair a chím ná leanann sibhDlíghe na hEaglaise ‘s áilne méinn,Ach ag imeacht le baois ag déanamh aimhlis bhúr n-anamaMar a bheadh daill gan radharc ar mearathal,Geallaim-se dhíbh go bhfuil bhúr naimhde ag magadh fúibh,Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal. ‘Sé teagasc na cléire a’s réir na hEaglaise,An tslí mar measaim-se b’fhearr chun Dé;‘S ní ag dul chun an aonaigh le faobhar go feargach,Tréan fé arm chun lámhach na bpiléar.Nach dealbh an scéal é dá léigheadh ag GallachoinGurbh iad Clanna Gaedheal ‘tá ag déanamh an achrainn,Ag fealladh ar a chéile fé ghné gach seanacheirtBheist agus Carabhat bán do thréig.

An Droimfhionn Donn Dílis

A Dhruimfhionn Donn Dílis, a shíoda na mbóCá ngabhann tú san oíche, is cá mbíonn tú sa ló?Ó bím-se ar na coillte is mo bhuachaill im’ chomhairAgus d’fhág sé siúd mise ag sileadh na ndeor. Níl fearann, níl tígheas agam, níl fíonta na ceol;Níl flathaibh im’ choimhdeacht, níl saoithe ná sló;Ach ag síor-ól an uisce go minic saAn chuid eile de “An Droimfhionn Donn Dílis”

An Samhradh ag Filleadh go hÉirinn

Tá an geimhreadh caite agus greim an ghairfinMhilltigh, mhallaithe réabhta.An ghrian ag taitneamh i ndiaidh na fearthainneIs fialacht earraigh mar aon leí.Na mílte capaill ag cíoradh garraitheSíol i dtalamh á thaoscadhAn abhainn ag titim, an rabharta imitheIs an samhradh ag filleadh go hÉirinn. Tá taibhse tagaithe ar choillte cheanaNa crainn ag breacadh go néata.Na h-éin ag labhairtAn chuid eile de “An Samhradh ag Filleadh go hÉirinn”

Bánchnoic Éireann Ó

Beir beannacht óm’ chroí go tír na hÉireann, Bán-chnoic Éireann ÓChun a mhaireann de shíolra Ír agus Éibhir ar Bhán-chnoic Éireann Ó.An áit úd ‘narbh aoibhinn binn guth éanMar shámh-chruit chaoin a’ caoineadh GaedhalMo chás a bheith míle míle i gcéin ó Bhán-chnoic Éireann Ó. Bíonn barra bog slím ar chaoin-chnoic Éireann, Bán-chnoic Éireann Ó.‘S is fearra ná an tír seo díogha gach sléibhe ann, Bán-chnoic Éireann Ó.Is árd a coillte ‘s is díreach réidhIs an bláth mar aoil ar mhaoilinn géag,Tá grá im’ chroí ‘s im’ intinn fhéin do Bhán-chnoic Éireann Ó. Ní fhaicim a gcóraidh a’ góbhail sa taobh seo, Bán-chnoic Éireann Ó.Ní fhaicim a mbólacht dá seoladh chun féir ann, Bán-chnoic Éireann Ó.Ach loingeas dá seoladh le fóir-neart gaoth,Is carraigí móra go deo lena dtaobhGo bhfaictas mé fós im’ chóige féin, ar Bhán-chnoic Éireann Ó Tá gasra líonmhar i dtír na hÉireann, Bán-chnoic Éireann Ó.D’fearachoin groí ná claoífeadh céadta, ar Bhán-chnoic Éireann O.Ar m’ath-tuirse chroí mo chaoine ghéar,Iad ag galla-phoic thíos fé ghreím mo lean,Is a mbailte dá ríomh fá chíos go daor, Bán-chnoic Éireann Ó.Donnchadh Rua Mac Conmara do chum

Babaró

Ba mheidhreach séimh céad rún mo chléibh,In éinfheacht liom-sa tráth,Babaró ‘gus óró mhíle ghrá.Ba réidh a chéim ag siúl na sléibhte Aniar ó’n ngarra bhánBabaró ‘gus óró mhíle ghrá. Babaró ‘gus óró mhíle ghrá,Do rug mo bhuachaill córach uaim thar sáil’Ach béarfaidh Dia na nGrásta é dom chroíAr ais go slánBabaró ‘gus óró mhíle ghrá.  An bhfaca túAn chuid eile de “Babaró”