‘Sí an fhaoileann an bhean bhreá ’na dtug mo chroí dhi grá, Mar is gile í ná barr a’ drúchta, Pé mar atháim dá n-abróinn a bháb, Cár mhiste liomsa trácht mar siúd ort, Pé mar atháim dá n-abróinn a bháb, Cár mhiste liomsa trácht mar siúd ort, Do chois, do chom, do lámha, doAn chuid eile de “An Fhaoileann”
Category Archives: Uncategorized
Cath Chéim an Fhia
Cois abhainn Ghleann an Chéime in Uíbh Laoghaire ‘sea bhímse Mar a dtéann an fia san oíche chun síor-chodladh só Ag machnamh seal liom fhéinig, ag déanamh mo smaointe. Ag éisteacht i gcoillte le binnghuth na n-eon Nuair a chuala an cath ag teacht aniar Is glór na n-each ag teacht le sians Le fuaimAn chuid eile de “Cath Chéim an Fhia”
An Fear Dubh ón Sliabh
Thá siad á reá go bhfuil áil na mban deas orm fhéin Is ar ndú má thá, a dhian-ghrá, níor mhiste liom é Mar do thugas naoi lá, naoi dtráth agus aon tseachtain déag ‘Ge tóin tí mo ghrá a’ baint áirní dhe bharraí na ngcraobh. Is ‘dé chiall ná téann tú in áit éigin, goAn chuid eile de “An Fear Dubh ón Sliabh”
An Préacháinín Craorac
Chuas go hAird Mhóir go luath is go moch insa lá, Bhí teachtaire ó Ghraves romham cois taobh na toinne ‘s í ag trá, Fuaireas gaoth bheag ón séimhfhear nár bhe’ leis mo chás, ‘S a Thomáisín Uí Mhóra gan gleo ort go bhfaighidh mise bás. Reachas chún siúil trís na cóngair isteach insa lawn,An chuid eile de “An Préacháinín Craorac”
Cáit Ní Dhuibhir
Tráthnóinín beag déanach is mo thréad agam á chur ón síon, I lúib na coille craobhaí, ‘s nach aerach mar a bhí mo thriall; Bhí an chuach ‘s an lon ‘s an chéirseach ar séirse ‘s gach nóta fíor, Is i mbun ‘s i mbarr gach bhéarsa go mbeidh Éire ‘ge Cáit Ní Dhuibhir. TáAn chuid eile de “Cáit Ní Dhuibhir”
Cití na gCumann
Is do thánas an baile seo ‘réir Is do bhí sé ‘gam déanach go leor ‘S mé ar intinn an margadh a dhéanamh ‘S ná scarfainn léi féin go deo Níor tháinig a Daidí chun réitigh Cár mhiste dom é na dhóibh? Beirim slán agus beannacht as mo ghaolta ‘S ní chasfaidh mé fhéin goAn chuid eile de “Cití na gCumann”
Ar Maidin Gach Luain
Ar maidin gach Luain bhí mé ar mearthall suain Is mé ‘ féachaint soir ó thuaidh ar na maolchnoic, ‘Sea do dh’airigh mé an uaill dá filleadh lastuaidh Agus glór na ngunnaí móra’ á séideadh. Mara dtiocfaidh cabhair go luath Beidh an aicme seo go buartha Fé ghradam rómhór in Éirinn, Beidh Clanna Gael go fuarAn chuid eile de “Ar Maidin Gach Luain”
Táilliúir an Chroí Mhóir
Tá táilliúir ‘ chroí mhóir ar an dtaobh so ‘ Shliabh gCua Agus gearrann sé mórchuid éadaigh; Do dh’éalaigh sé uainn, ó, le scaoinse mnaoi rua A raibh bobs ina cluasa agus péarlaí; Tá ceo daingean buan ar a intinn anuas Agus beidh go Lá ‘ Luain is baol liom. Mara dtagair go luath agus a thabhairtAn chuid eile de “Táilliúir an Chroí Mhóir”
Mo Mhuirnín Bán
Ní ar an gcnoc is aoirde a bhíonn mo mhaoinse, Ach i ngleanntán aoibhinn mar a bhfásann féar; Do labhrann an cuaichín gach uair den oíche ann, Bíonn an chruithneacht craorach is an coirce bán. Bíonn ba, bíonn laoigh ann, bíonn bric ‘na slaoidte, Is an eala mhín ar an loch ag snámh; Bíonn naAn chuid eile de “Mo Mhuirnín Bán”
Baile Lín
Ar mo ghabháilt dtí’n Aifreann le toil na nGrásta Lá breá Páise le teannta ón Rí
