Plúirín na mBan Donn Óg

Dá dtiocfá liomsa go Contae Liotroim    ​​​​A phlúirín na mban donn óg​​​​​​Do bhéarfainnse mil bheach agus meádh mar bhia dhuit​A phlúirín na mban donn óg​​​​​​Bradáin gheala do bhéarfainn aniar chugat​​​​   Fíon agus beoir le n-ól ina dhiaidh siúd​​​​Cead codlata go séimh ar leaba chlúimh éin duit​​​A phlúirín na mban donn óg. Do bhéarfainn aer na long, na seol is na mbád duitA phlúirín na mban donn óg​​Fé bharraí na dtonn is sinn ag filleadh ón dtráigA phlúirín na mban donn óg​Tuilleadh le fáilt go bráth ní dh’iarrfainn​​​​Ach a’ súgradh a’s a’ gáire de réir mar ba mhian linn    ​​Rince agus ceol dom’ chailín sciathmhar  ‘Sí Plúirín na mban donn óg. Ó ná bac do bhriathra balbh baoth​​​​​Dúirt plúirín na mban donn óg​​​​​  Mar ní choinneodh do ghlórtha beo gan bhia mé​​​Dúirt plúirín na mban donn óg​​​​Míle céad fearr liom bheith choíche gan aon fhear​Ná bheith ‘ siúl na drúchta sna bhfásach leat​​Mo chroí nach dtugann duit grá ná gean​​​Dúirt plúirín na mban donn óg. Mo chreach a’s mo chrá gan mé fáiscithe id’ nead          ​​A Phlúirín na mban donn óg​​​​​​Fé cheangal grá gan scaoileadh go bráth​​​​ ​Le Plúirín na mban donn ógNíl coir dá ndéanfá a fhaoileann na háilleNá díolfainnse a cáin, ná ní ná triallfainn a dh’fháilt duitIs ní ligfinnse aon bhrón teacht choíche id’ dháilA phlúirín na mban donn óg. Do chonaic mé chugam í tré lár an tslé’​​​Mar bheadh réalan tríd an gceo​​​​Is do bhí mé ag caint is ag comhrá léi​​​​Ná gur chuamar go páirc na mbó​​​​​Shíomairne síos ar lúbán ard​​​​​Go dtug mé di scriosadh fé mo láimhÓ a Dhia sé mo chruachás mura bhfaighidh mé an bháb  ‘Sí plúirín na mban donn óg.

Cill Chais

Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad? Tá deireadh na gcoillte ar lár;níl trácht ar Chill Chais ná ar a teaghlach ‘s ní chluinfear a cling go bráthAn áit úd a gcónaíodh an deighbhean fuair gradam is meidhir thar mhná,Bhíodh iarlaí ag tarraingt tar toinn ann ‘s an t-aifreann binn á rá.Ní chluinim fuaim lachan ná gé ann, ná fiolar agAn chuid eile de “Cill Chais”

Caoineadh Liam Uí Raghallaigh

I mo bhaintreach ‘s ‘mo mhaighdean fágadh mé go h-ógNo ar chuala sibh, a chairde, gur báitheadh mo mhíle stórDá mbeinnse amuigh an lá sin ‘s ‘mo dhá láimh sa mbuille mórDhéanfainn dídean dhuit, a Willie Reilly, is leigheasfainndo bhrónAn cuimhin libh an lá bhí an tsráid seo lán de mharcaighDe shagairt ‘s de bhráithreAn chuid eile de “Caoineadh Liam Uí Raghallaigh”

An Ceannaí Bán

Céad slán chugat a Éire gídh gur léan liom tú d’fhágaintMar is fada óna chéile tá’n ghaoth so ‘nár dtiomáintAr bharr na dtonn dtréan ar thaobh luinge luascánIs sinne go dubhach déarach ag dul féachaint an oileáin.Is a Dháth Paor na n-árann mo chás thú is mo mhairgAg dul ar bhórd árthaigh nó in áird’An chuid eile de “An Ceannaí Bán”

Cé Phort Láirge

Is buachaillín fíoróg mé go bhfóire orm rí na ngrástMar gur thugas searc don óigbhean i dtigh an ósta ‘s í ina cóiriúbhánNíor chaith sí hata le mórchúis ná búclaí bhí déanta ‘práisAch bhí téip i gcluais a bróigín, ‘sí mo stóirín í go bhfaighidh mé bás.Mo léan gan mise im’ éinín ‘s mé léimrighAn chuid eile de “Cé Phort Láirge”

Chuaigh an Dá Seán

Chuaigh an dá Sheán is mo Sheán-sa dtí’n aonach,D’adhnadar an sparainn is ba dheacair iad do réiteach.Bhriseadar a gcinn agus plaoisc a chéile,Is gurb’ í  bean an tábhairne do chosain mo phláitín féineach.Curfá:Is faigheam arís an crúiscín is bíodh se lán;Faigheamh arís an crúiscín sláinte geal mo mhúirnín,Is cuma liom do chúilín dubh nó bán.DoAn chuid eile de “Chuaigh an Dá Seán”

Cois Abha Móire na nDéise

Nach ró-bhreá an dúthaigh a mbéarfainn liom thúGo Cois Abha Móire na nDéiseMar a mbíonn an smóilín is an lon go ceolmharIs fia na mbeann dhá thraochadhBíonn torthaí cumhra ar chrannaibh lúbthaIs bláth na n-úll ar ghéagaAn chuach gan amhras i dtúis an tSamhraidh’S an traghan ag labhairt insan bhféar glas.Ná pós aon smíste deAn chuid eile de “Cois Abha Móire na nDéise”

Dá mBeadh Agam Ór agus Airgead

Dá mbeadh agam ór agus airgeadNí fhanfainn anseo trí seachtaineIn achrann leis an ndealús Ach thógfainn tí thar teorainnFallaí arda marmair,Fuinneoga breátha geala airOrnáidí an tsaoil ann bailitheIs chuirfinn díom chun bóthair.Thógfainn seol chun farraigeDá mbeadh an domhain fé m’aitheantasFáilte in gach halla romham‘s gan ci ná glas ar dhóirseAch cad a dhéanfainn féin le m’asailínIsAn chuid eile de “Dá mBeadh Agam Ór agus Airgead”

Dónall Óg

Siúd é an Domhnach a thug mé grá duitAn tarna Domhnach roimh Dhomhnach CáscaAn sagart ar a ghlúine is é ag léamh na PáiseBhí mo chroí agus m’intinn ag leá le grá dhuitBhain tú thoir díom is bhain tú thiar díomBhain tú gaoth agus bhain tú grian díomBhain tú aoireacht na mbó fán sliabh díomAgusAn chuid eile de “Dónall Óg”

Dónall Óg (Leagan 2)

A Dhónaill Óig, má théir thar farraige,Beir mé féin leat, is ná déan do dhearmad,Is beidh agat féirín lá aonaigh is margaidh,Is iníon Rí Gréige mar chéile leapa agat.’Gus tá mo chroíse chomh dubh le háirne,Nó le gual dubh a bhuailfí i gceártan,Nó le bonn seanbhróg ar hallaí bána Nó le crann a dtitfeadh an bláthAn chuid eile de “Dónall Óg (Leagan 2)”