Máirín de Barra

A Mháirín is a mhúirín is a lúibín na gcraobh ngealIs cuimhin liom mar do shiúlamar drúchtán an fhéir ghlaisAr fágáil na n-úll is na gcnó is na gcoillteDo shláinte níor dhiúltaíos cé gur tinn dubhach liom féin sin A Mháirín de Barra, do mharaigh tú m’intinnDo chuir tú beo i dtalamh mé i ngan fhios dom mhuintirAn chuid eile de “Máirín de Barra”

Mo Thigh Beag Aerach

Tá crainnín aonair a bhfuil air géagaA bhriseann géirshioc is gaoth aduaidhAg fás go treorach ó thráth nach eol domIs sásta gleoite é, gan bhréig is buanTá éinín páirteach ar ghéig ‘na bharr san’Is é go fáiltiúil ag labhairt ó chroí’S i bhfios dom féineach, tá suite taobh leisMo thigh beag aerach sa ngleann seoAn chuid eile de “Mo Thigh Beag Aerach”

Na Conneries

A Choimín mhallaithe guímse deacair ort is gráin Mhic Dé, ‘S ar an ngasra úd tá ceangailte go dlúth led thaobh, Mar is sibh a dhearbhaigh i láthair Choisteala ar an triúr fear séimh Is a chuir na Connerys thar na farraigí go dtí na New South Wales.   An té bheadh ina sheasamh annAn chuid eile de “Na Conneries”

An Páistín Fionn

Grá mo chroí mo pháistín fionn,A croí is a haigne ag gáire liom,A cíocha geala mar bhláth na n-úll,Is a píob mar eala lá Márta. Curfá:Is tusa mo rún, mo rún, mo rún,Is tusa mo rún, is mo ghrá geal,Is tusa mo rún is mo chumann go buan,Sé mo chreach gan tú agam ó do mháithrín. CaraAn chuid eile de “An Páistín Fionn”

An Samhradh ag Filleadh go hÉirinn

Tá an geimhreadh caite agus greim an ghairfinMhilltigh, mhallaithe réabhta.An ghrian ag taitneamh i ndiaidh na fearthainneIs fialacht earraigh mar aon leí.Na mílte capaill ag cíoradh garraitheSíol i dtalamh á thaoscadhAn abhainn ag titim, an rabharta imitheIs an samhradh ag filleadh go hÉirinn. Tá taibhse tagaithe ar choillte cheanaNa crainn ag breacadh go néata.Na h-éin ag labhairtAn chuid eile de “An Samhradh ag Filleadh go hÉirinn”

Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna

Ar m’éirí dhom ar maidin, grian an tsamhraidh ag taithneamh, ‘Chuala an uaill dá casadh, agus ceol binn na n-éan; Broic is míolta gearrtha, creabhair na ngoba fada, Fuaim ag an macalla, is lámhach gunnaí tréan. An sionnach rua ar an gcarraig, míle liú ag marcaigh, Is bean go dúbhach sa mbealach ag áireamh a cuid gé. Anois tá an choill dá gearradh, triallfaimíd thar caladh, ‘S a Sheáin Uí Dhuibhir a’ Ghleanna, tá tú gan ghéim.   Is é sin mo uaigneas fada, scáth mo chluas dá ghearradh, An ghaoth aduaigh am’ leathadh, agus bás ins an spéir; Mo ghadhairín suairc dá cheangal, gan chead lúith ná aistíocht, Do bhainfeadh gruaim den leanbh i meán ghil an lae. Croí na n-uaisle ar an gcarraig go ceáfrach buacach beannach. Do thiocfadh suas ar aiteann go lá deireadh an tsaoil, ‘S dá bhfaighinn-se suaimhneas tamall ó dhaoine uaisle an bhaile, Do thriallfainn féin ar Ghaillimh is d’fhágfainn an scléip. Is é seo mo ró-chreach maidne ná fuair mé bás gan pheaca Sula bhfuair mé scannal fé mo chuid féin; Is a liacht lá breá fada thig úlla cumhraAn chuid eile de “Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna”

Mar Mheath Uaim

Mar mheath uaim mo cháirde ‘bhí grámhar fadó,A’s ruaigeadh le fán mé gan fáltas gan treoir,Níl tathag im’ ráitibh ná binneas im’ ghlór,Is céilliúir gan áird gach a scinneann óm’ shórt. Bíodh siúd mar atá sé, a sháimh-fhir na só.Tá nídh beag ar m’fháil-se nár éalaigh uaim fós.’Sé an grá fíor im lár é ná feófaidh go deo,Seolaim é a Thaidhg chúghat go soillseach gan cheo. Ós duine mar chách mé do thárlaigh bheith dearóil,‘S gur bheartaíos le páirt leat do shláinte-se d’ól,Tá an bairille dá bheárnadh is an tráth ar an mbórd.Seo mo lámh duit a sháir-fhir, is slán leat go fóill.Riobard Bheldon do chum

A Spailpín, a Rúin

A Spailpín, a rúin, dé do bheathasa chugainn Nó cár bhainis an fómhar chomh luath san? Dá mbeadh a fhios agam féin cá rabhais aréir Ba ghairid liom do bhéal a phógadh. A chailleach bhuí chróin, níor mhilis liom do phóg Is ní ghlacfainn céad bó mar spré leat, Mar go mb’fhearr liomsa póg óAn chuid eile de “A Spailpín, a Rúin”