A Rí na bhfeart cad do chas ins a’ dúthaigh seo mé?‘S gur mó cailín deas a gheobhainn im’ dhúthaigh aoibhinn féin;Gur chasadh mé isteach mar a raibh searc agus grá geal mo chléibh,’S chuir an tseanbhean amach mé ag casadh an tsúgáinín féir.Má bhíonn tú liom bí liom, a stóirín mo chroí,Ma bhíonn tú liom, bí liom os comhair an tsaoil;Ma bhíonn tú liom, bí liom i ngach orlach ded’ chroí,Is é mo lom go fann nach liom Dé Domhnaigh tú mar mhnaoí.Tá mo cheannsa liath le bliain is ní le críonnacht é,Ní bheathaíonn na bréithre na bráithre pér sa domhan scéal é;Is táim id’ dhiaidh le bliain is gan fáil agam ort féin,’S gur geall le fia mé ar sliabh go mbeadh gáir con ina dhéidh.Má bhíonn tú liom…Do threabfainn, d’fhuirsinn, chuirfinn síol ins a’ chré,‘S do dhéanfainn obair shocair, álainn, mhín, réidh,Do chuirfinn crú fén each is mire shiúil riamh ar féar,’S ná héalaodh bean le fear ná déanfadh san féin.Má bhíonn tú liom…
Category Archives: Uncategorized
Ceann Heilbhic go hArd
I ndúthaigh na nDéise tá an áit is fearr tréithe,Is áile ‘gus is péacaí ón mbun ‘dtí an barrTá daoine breá’ séimh ann ‘tá fial agus béasachIna gcónaí gan baol ar Cheann Heilbhic go hardBíonn nead ag na héin ann fé aiteann agus fraochánAgus taitneamh na gréine ar fhaill is ar thráighPulóg is maicréal ins an bhfarrige taobh leisCoinín is giorré ar Cheann Heilbhic go hard Is chonaic sé na buíochta, na Lochlannaigh fianaIs chonaic sé na Fíníní a sheol chugainn thar sáil’Is an Claudia san oíche ‘na raic mhór na blianaÁ fiach is á cloí fé Cheann Heilbhic go hardIs breá ‘gus is Gaelach, gan lúbadh gan staonadhAn dream a bhíonn ag saothrú is a gcuda ann gach láNíl áit ab fhearr in Éirinn a chaithfinn mo thréimhseAch ar thaobh geal na gréine ar Cheann Heilbhic go hardDóirín Mhic Mhurchudha do chum
Éinín na hOíche
Tá éinín milis ó thitim na hoícheAr ghéigín suite go triopallach líofa;Ceol níos binne ní chluinim ar aon chor,Thógfadh sé tinneas de dhuine bheadh tréith leis.Fáilte ‘gus fiche romhat, éinín na hoíche,Sláinte gan briseadh chugat, eínín na hoíche;I m’aonair gan duine ‘gus tuirse ar an gcroí ‘gam,Is déirc liom do chuileachta, éinín na hoíche. Bíonn éin ar inneall i bhfochair a chéile,Tar éis gachAn chuid eile de “Éinín na hOíche”
Láirín Cheanainn an Phaoraigh
IÓ éistigí feasta liom féinig,Agus neosfaidh mé scéilín duain,Ar láirín cheann-fhionn an Phaoraigh;Go maire sí ’réim go buan! Níl ao’ chapall ar thalamh na hÉireann, Ná rachadh sí’r éigin uaidh.Do fhág sí an baile dá mhéid é-Agus choinnigh sí’n sway i dTráigh Mhuair. IIAn té bheadh i dTráigh Mhuair a dá lá úd,Chífeadh sé an sár-fhear groí,Gur b’ainm do Máighistir Seán Paor é,ÓAn chuid eile de “Láirín Cheanainn an Phaoraigh”
Preab San Ól
Is iomaí slí sin do bhíos ag daoineAg cruinniú píosaí is ag déanamh stóir,’S a laghad a smaoiníos ar ghiorra a’ tsaoil seo,Go mbeidh siad sínte faoi leac go fóill.Más tiarna tíre, diúc no rí thú,Ní cuirfear pingin leat ‘s tú ‘dul faoin bhfód,Mar sin is dá bhrí sin, níl beart níos críonnaNá bheith goAn chuid eile de “Preab San Ól”
Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna
Ar m’éirí dhom ar maidin, grian an tsamhraidh ag taithneamh, ‘Chuala an uaill dá casadh, agus ceol binn na n-éan; Broic is míolta gearrtha, creabhair na ngoba fada, Fuaim ag an macalla, is lámhach gunnaí tréan. An sionnach rua ar an gcarraig, míle liú ag marcaigh, Is bean go dúbhach sa mbealach ag áireamh a cuid gé. Anois tá an choill dá gearradh, triallfaimíd thar caladh, ‘S a Sheáin Uí Dhuibhir a’ Ghleanna, tá tú gan ghéim. Is é sin mo uaigneas fada, scáth mo chluas dá ghearradh, An ghaoth aduaigh am’ leathadh, agus bás ins an spéir; Mo ghadhairín suairc dá cheangal, gan chead lúith ná aistíocht, Do bhainfeadh gruaim den leanbh i meán ghil an lae. Croí na n-uaisle ar an gcarraig go ceáfrach buacach beannach. Do thiocfadh suas ar aiteann go lá deireadh an tsaoil, ‘S dá bhfaighinn-se suaimhneas tamall ó dhaoine uaisle an bhaile, Do thriallfainn féin ar Ghaillimh is d’fhágfainn an scléip. Is é seo mo ró-chreach maidne ná fuair mé bás gan pheaca Sula bhfuair mé scannal fé mo chuid féin; Is a liacht lá breá fada thig úlla cumhraAn chuid eile de “Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna”
Cois Mara Thoir sa Rinn
Do chaitheas mí ‘s ba bhreá liom í,Cois mara thoir sa Rinn;Is ann atá na daoine breá,‘Gus ceol na néan go binn;‘Sí an Ghaoluinn ‘bhíonn dá labhairt go cruinnAg daoine abhus is thall,Ón sliabh dubh-ghlas thá siar ó dheas,Go Baile beag na nGall Rinn Ó gCuan, tá ar thaobh an chuain,Le hais Dún Garbhán;Bíonn Gaoluinn bhreá ansan gach lá,‘S ní hé sa lá amháin;Bíonn rince is greann san oíche ann,‘Scéalta ó Mhicil fhéin,I gcaint glann chruinn go blasta binn,Is breá le macaibh léinn. An áit go léir tá geal soiléir,‘S na radhairc go hálainn breá;Ach thá buaite ann ar radhairc an domhainAg an ngrian dul fé geal-lá;Taobh thiar den sliabh mar a chuaigh sí riamhIna leaba óir bhréa bhuí.‘Sea bhíonn gan scáil an radharc le fáil,Ag dul don ghrian ‘na luí. Bíonn samhraidh buan ar thaobh an chuain,‘Gus fuacht ní bhíonn ‘sa ló;Chun tumtha snámh, nó luascadh cnáimh,Thá’n áit oiriúnach bhreá;Is ann nach baol duit gairid-shaol‘S an t-aer sláintiúil folláin;Áit fairsing buan ‘sea Rinn Ó gCuan;Le hais Dún Garbhán.
Mar Mheath Uaim
Mar mheath uaim mo cháirde ‘bhí grámhar fadó,A’s ruaigeadh le fán mé gan fáltas gan treoir,Níl tathag im’ ráitibh ná binneas im’ ghlór,Is céilliúir gan áird gach a scinneann óm’ shórt. Bíodh siúd mar atá sé, a sháimh-fhir na só.Tá nídh beag ar m’fháil-se nár éalaigh uaim fós.’Sé an grá fíor im lár é ná feófaidh go deo,Seolaim é a Thaidhg chúghat go soillseach gan cheo. Ós duine mar chách mé do thárlaigh bheith dearóil,‘S gur bheartaíos le páirt leat do shláinte-se d’ól,Tá an bairille dá bheárnadh is an tráth ar an mbórd.Seo mo lámh duit a sháir-fhir, is slán leat go fóill.Riobard Bheldon do chum
Bóthar Chluain Meala
Ar mo ghabháil go B’leá Cliath dhom Go dian-mhoch ar maidin Do casadh cailín óg orm A raibh scáil a’ rósaí ‘na leacain, D’fhiosraigh díom an óigbhean “Cá gcónaíonn tú a mharcaigh?” “Cónaím i dtigh lóistín Ar bhóthar Chluain Meala” “Is aithris scéal nua dhúinn Ó’r tú is déanaí d’fhág an baile An maireann doAn chuid eile de “Bóthar Chluain Meala”
Beidh Aonach Amáireach
Beidh aonach amáireach i gCondae an Chláir, ( x 3) Is duairt mo ghréasaí go mbeadh sé ann. Curfá: ‘S a mháthairín an ligfidh tú dtín aonach me ? ( x 3) A mhúirnín ó, ná héiligh é. Níl tú a deich nó a haondéag fós (x 3) NuairAn chuid eile de “Beidh Aonach Amáireach”
