A Shliabh geal gCua na féile, is fada uait i gcéin mé, I m’ shuí cois cuain i m’aonar go tréithlag fé bhrón; An tuile bhuí ar thaobh díom idir mé agus tír mo chléibhe, Is a Shliabh geal gCua na féile, nach géar é mo sceol. Dá mbeinnse i measc mo ghaolta i SceithínAn chuid eile de “Sliabh Geal gCua”
Tag Archives: Nioclás Tóibín
I dTosach mo Shaoil
I dtosach mo shaoil, nuair a dh’fhágas an baileChasadh orm cailín beag óg ins an tslí;Bhí sí chomh haerach gur thugas-sa gean di siúdIs thá sí mar mhairg ró-mhór ar mo chroí.Níl agam tréada ar mhaoil ná ar bheanna-chnoic,Capall ná caoire ná teaghlach fé dhíon.Cuir umat nua-éadach is éalaigh chun bealaigh liomSlán agus beannacht leAn chuid eile de “I dTosach mo Shaoil”
An t-Óglach
‘S an bhfaca tu m’óig-fhear-sa gabhailt amachAr maidin le h-éirí an lae?‘S an bhfaca tú m’óig-fhear-sa gabhailt amachAr maidin le fáinne an lae?A dhá ghéag chanta dar ndó ba dheasIs a leaca ar dhath na gcaor,Is go deimhin a bhean ba dheas a gheanAr maidin le fáinne an lae. Raghad-sa chun coille agus fanfad ann sealGoAn chuid eile de “An t-Óglach”
Seoladh na nGamhna
Tráthnóinín déanach is mé gan mhairgAg seoladh na ngamhna fén bhfásachDo dhearcas chugamsa an spéirbhean mhaisiúilChiúin thais bhanúil náireach.D’fhiasraíos féin go séimh dhen ainnirAn aon ní thar lear a tháinigAg seoladh na ngamhna ‘sea dh’fhágas an baileAch ceann ní bhfaighead go lá dhíobh. Ag lorg na ngamhna ‘sea chuireasa mo leanbh’S níor tháinig sí anonn i dtráth chugamMar bhí traonaire roimpi ag pointeAn chuid eile de “Seoladh na nGamhna”
Seán Ó Dí
Níor ghéilleas riamh do ráitibhFile, fáidh nó draoiGo bhfuair an Vulcan gránnaVénus bhreá mar mhnaoi,Nó go bhfaca péarla an bhánchnisLe toil a cairde gaoilGan rogha nó malairt áraisI bhfochair Sheáin Uí Dhí. Ní ghéillim nach sprid naimhdeachDo tháthaigh dlúth an dís;A chuspóir pheaca MhámoinIna measc, mo náire, bhís!Mopso Nisa datur-Is fíor an ráiteach íÓ fuair anAn chuid eile de “Seán Ó Dí”
Róisín Dubh
A Róisín, ná bíodh brón ort ná cás anois.Tá do phardún ón bPápa is ón Róimh agat.Tá na bráithre ag teacht thar sáile is ag triall thar muir,Is ní cheilfear fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh. Tá grá agam i mo lár duit le bliain anois,Grá cráite, grá cásmhar, grá ciapaithe,Grá a d’fhág mé gan sláinte,An chuid eile de “Róisín Dubh”
Chuaigh an Dá Seán
Chuaigh an dá Sheán is mo Sheán-sa dtí’n aonach,D’adhnadar an sparainn is ba dheacair iad do réiteach.Bhriseadar a gcinn agus plaoisc a chéile,Is gurb’ í bean an tábhairne do chosain mo phláitín féineach.Curfá:Is faigheam arís an crúiscín is bíodh se lán;Faigheamh arís an crúiscín sláinte geal mo mhúirnín,Is cuma liom do chúilín dubh nó bán.DoAn chuid eile de “Chuaigh an Dá Seán”
Cois Abha Móire na nDéise
Nach ró-bhreá an dúthaigh a mbéarfainn liom thúGo Cois Abha Móire na nDéiseMar a mbíonn an smóilín is an lon go ceolmharIs fia na mbeann dhá thraochadhBíonn torthaí cumhra ar chrannaibh lúbthaIs bláth na n-úll ar ghéagaAn chuach gan amhras i dtúis an tSamhraidh’S an traghan ag labhairt insan bhféar glas.Ná pós aon smíste deAn chuid eile de “Cois Abha Móire na nDéise”
Dónall Óg (Leagan 2)
A Dhónaill Óig, má théir thar farraige,Beir mé féin leat, is ná déan do dhearmad,Is beidh agat féirín lá aonaigh is margaidh,Is iníon Rí Gréige mar chéile leapa agat.’Gus tá mo chroíse chomh dubh le háirne,Nó le gual dubh a bhuailfí i gceártan,Nó le bonn seanbhróg ar hallaí bána Nó le crann a dtitfeadh an bláthAn chuid eile de “Dónall Óg (Leagan 2)”
Eochaill
Maidin Domhnaigh is mé ag dul go hEochaill,Do chasadh an ógbean orm sa tslí,Bhí a grua ar áilneacht ar sileadh tóirse,Is ba bhinne a ceol ná ceolta sí.Do leagas mo lámh ar a bráid le mórtas,Is dh’iarras póigín ar stór mo chroí,’Sé dúirt sí, stad is ná strac mo chlócha,Mar go bhfuil fios do ghnósaAn chuid eile de “Eochaill”